Radar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radar fadraoin

Córas, bunaithe ar thonnta raidió, chun ionaid réada is struchtúr a dhéanamh amach. Bíonn aeróg rothlaithe ar bhád nó ag an aerfort a tharchuireann bíog aontreoch raidió nó micreatoinne. Nuair a imbhuaileann an tonn seo aon struchtúr, frithchaitear macalla bíge ar ais go dtí an aeróg. Airítear fad amach an struchtúir ón moill ama idir tarchur na bíge is glacadh an mhacalla. Déantar an t-áireamh céanna i ngach treo gathach amach ón aeróg, agus déantar is athdhéantar íomhá chiorclach ar scáileán luascóip nó teilifíseáin de réada is struchtúir mórthimpeall ar ionad na haeróige. Feidhmíonn an córas seo sa dorchadas, sa cheo is sa bháisteach, agus is iontach cabhrach é chun eitleáin is longa a dhíriú i ngach saghas aimsire. Úsáidtear córas frithchaithimh radair bunaithe ar iarmhairt Doppler chun luasanna réada a thomhas, ina measc gluaisteáin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Radar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 546.