Aerloingseoireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An réimse eolais a chuireann síos ar eitleáin mar réada a chloíonn le dlíthe na fisice. Pléann sí leis an aerárthach féin agus a iompar faoi chúinsí éagsúla, ní lena fheidhmeanna trádálacha. Bíonn dearadh struchtúr is neart an eitleáin i gceist, modhanna chun fórsa ardaithe a ghiniúint, na hinnill, córais leictreonacha chun an t-aerárthach a rialú, a dhíriú is a ionramháil, an feisteas tuirlingthe agus eile. Tagann a thógáil is a choimeád san áireamh freisin, agus an loingseoireacht len é a dhíriú go sábháilte ó aerfort go haerfort faoi chúinsí éagsúla aimsire.