René Robert Cavelier La Salle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Taiscéalaí a rugadh i Rouen na Fraince ab ea René Robert Cavelier La Salle (1643-1687). Chuir sé faoi i gCeanada i 1666, agus i 1682 thaistil síos aibhneacha Ohio is Mississippi don fharraige. Thug sé an t-ainm Louisiana (as Louis XIV na Fraince) ar an réigiún ag béal an Mississippi.