Pleanáil teanga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is pleanáil teanga ann ná iarracht eagraithe atá meáite ar fhadhbanna praiticiúla in úsáid na teanga a fhuascailt, ceart na teanga a shainaithint is a shainmhíniú agus an teanga féin a chur chun cinn sa tsochaí. Cé gur minic a shíltear gur smaoineamh nua í an phleanáil teanga, seanchleachtadh is ea é, nó nuair nach raibh acadaimh ná forais teanga (cosúil le hAcadamh na Fraince nó le KOTUS san Fhionlainn, mar shampla), bhí na ríthe agus na himpirí ag féachaint lena dtuiscint féin ar an teanga agus ar úsáid na teanga a chur i bhfeidhm ar an tsochaí. Bhí filí agus scríbhneoirí i mbun pleanáil teanga freisin ina lán áiteanna. Nuair a bhí an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach i réim in Éirinn go fóill, mar shampla, ba iad na filí agus na cúirteanna filíochta a d'fhéach chuige nach scinnfeadh an úsáid i bhfad ón gcleachtas ceart. Sin é an tuige go dtugtar Ceart na bhFilí (nó "Ceart na bhFileadh", i nGaeilge na linne) ar chaighdeán na linne Clasaicí, roimh "thonnbhriseadh an tseanghnáthaimh" sa 17ú haois. Is féidir a rá freisin go raibh "pleanáil teanga" in aghaidh na Gaeilge idir lámhaibh ag an stát Gallda ar feadh i bhfad.

Ba é Einar Haugen - teangeolaí clúiteach Meiriceánach de phór na hIorua - a cheap an téarma sin "pleanáil teanga", nuair a bhí sé ag tagairt don pholasaí teanga san Iorua.

Deir cuid mhaith daoine nach féidir teanga a phleanáil ná tionchar a imirt ar a fás nádúrtha - gurb ionann é go bunúsach agus bagairt ar an ngaoth. Sin é an tuiscint a bhíonn ag a lán i saol an Bhéarla, agus iad barúlach nach ndearnadh pleanáil ar bith ar a dteanga féin riamh. Is amhlaidh, áfach, gur pleanáil teanga de chineál éigin a bhí i gceist le foclóirí Samuel Johnson agus Noah Webster, agus go ndeachaigh moltaí úsáide an dá fhoclóir seo go mór mór i bhfeidhm ar chleachtadh scríofa an Bhéarla, ionas go raibh meas an chaighdeáin ag a lán orthu.

Pleanáil teanga i dtíortha éagsúla[athraigh | edit source]

Pleanálaithe tábhachtacha teanga i dtíortha eile ab ea iad, mar shampla, Kemal Atatürk, Ivar Aasen, Vuk Stefanović Karadžić agus Johannes Aavik.

  • Chuala an saol iomrá ar Atatürk mar cheannaire na náisiúnaithe Turcacha, ach thairis sin, bhí an-ról aige i nua-aoisiú na teanga Tuircise, nó thug sé isteach na litreacha Laidineacha sa Tuircis (in áit na haibítre Arabaí a bhí in úsáid go dtí sin) agus chuir sé tús le hathnuachan an stór focal a bhí leis an gcuid ba mhó de na hiasachtaí Araibise agus Peirsise a ruaigeadh as an teanga - le fírinne, ní thuigfeadh Turcach an lae inniu mórán d'óráidí Atatürk féin mar a chualathas an chéad uair iad, ó tá siad breac le focail Araibise agus Pheirsise nach gcloisfeá i dTuircis an lae inniu in aon chor.
  • Ba é Ivar Aasen an teangeolaí Ioruach a d'oibrigh amach an dara caighdeán Ioruaise, ar a dtugtar Nynorsk inniu (agus ar ar thug Aasen féin Landsmål). Nuair a chuaigh an Iorua ó lámh na Danmhairge go lámh na Sualainne i ndiaidh Chomhdháil Vín, bhí an Danmhairgis á saothrú mar theanga scríofa ag na hIoruaigh, ach i rith na mblianta, thosaigh cuid de na hIoruaigh ag síleadh nach raibh sé ciallmhar a thuilleadh úsáid a bhaint as an Danmhairgis mar chaighdeán, agus iad den bharúil gur chóir teanga nua chaighdeánach a fháscadh as caint na ndaoine. Sin é an rud a rinne Aasen, ach ó bhí sé inbharúla go raibh "canúintí maithe" agus "droch-chanúintí" ann, agus na "canúintí maithe" á labhairt in iarthar na tíre, níor thug sé cothrom Féinne do na canúintí go léir, agus mar sin, ní bhaintear úsáid fhairsing as an Nynorsk inniu ach in iarthar na tíre, i gcúigí Sogn og Fjordane, Rogaland, Hordaland agus Møre og Romsdal.
  • Ba é Johannes Aavik an fear mór pleanála teanga san Eastóin. Bhí sé an-tugtha don Fhionlainnis, teanga a bhfuil dlúthghaol aici leis an Eastóinis, agus thug sé isteach cuid mhaith focal Fionlainnise le hiad a chur in úsáid san Eastóinis in áit na n-iasachtaí Gearmáinise a bhí an-choitianta sa teanga ag an am.
  • Ba é Vuk Stefanović Karadžić athair na Seirbise nua-aimseartha a chaighdeánaigh úsáid na haibítre Coireallaí sa tSeirbis agus a thosaigh ag saothrú chaint na ndaoine sa litríocht. Roimh a lá féin, bhíodh na Seirbigh ag baint úsáide as meascán na Seirbise agus na Sean-Slaivise Eaglasta. D'aistrigh Karadžić an Bíobla go Seirbis chomh maith, agus bhí sé ina bhailitheoir béaloidis.

Pleanáil na teanga féin agus pleanáil a stádais[athraigh | edit source]

Go bunúsach, aithnítear dhá chineál pleanáil teanga, is é sin, pleanáil na teanga féin agus pleanáil a stádais. Tugtar "pleanáil an chorpus" ar phleanáil na teanga freisin, ós rud é gurb é "corpus" nó corp na teanga féin - an foclóir agus úsáid na gramadaí - atá i gceist ansin.

Pleanáil na Teanga Féin[athraigh | edit source]

Ag déanamh trácht ar phleanáil na teanga féin dúinn, is féidir linn tagairt a dhéanamh do théamaí ar nós an córas scríbhneoireachta (an cineál aibítir a úsáidtear leis an teanga a bhreacadh síos, chomh maith leis an gceartlitriú), sainmhíniú rialacha na gramadaí, ceisteanna na ceartúsáide agus soláthar na dtéarmaí dúchasacha a chuirfidh ar chumas na gcainteoirí cúrsaí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta a chardáil trí mheán a dteanga féin gan dul i dtuilleamaí téarmaí tacair ná in iasachtaí aon oíche ó mhórtheanga éigin.

Maidir le caighdeánú na gramadaí, díríonn sé go ginearálta ar dhébhríocht a sheachaint agus ar an gcomhréiteach is fearr a aithint idir na canúintí difriúla - nó, má tá canúint ar leith á húsáid go forleathan i gcumarsáid na gcainteoirí ó cheantair éagsúla, rialacha gramadaí na canúna seo a leagan síos agus a chur ar fáil do na proifisiúnaithe teanga, cosúil le múinteoirí agus le scríbhneoirí.