Peadar de Bhulbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeadar de Bhulbh
Beathaisnéis
Breith1727
Luimneach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1803
75/76 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
An Cumann Ríoga (1767–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Ba cheimiceoir agus mianreolaí Éireannach é Peadar de Bhulbh (1727-1803) (Peter Woulfe as Béarla) agus is ina onóir a thugtar an t-ainm ar an mianra wolfraimít.[1]

Rugadh i Luimneach é sa bhliain 1727 de shliocht Normannach a chuir fúthu in iarthar an Chontae sa 12ú haois. Chuaigh sé i mbun staidéir ar an eolaíocht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus chuaigh sé go Sasana agus go dtí Mor-Roinn na hEorpa i mbun oibre ina dhiaidh. Chaith sé seal ag obair i Maidrid na Spáinne.

Bhí an tuairim aige go raibh dúil neamhaitheanta sa wolfraimít, rud a chabhraigh le fionnú an mhiotail tungstan. Chomh maith le sin, chum sé próiseas nua chun fosfar a scagadh.

buidéal bhulbach

Sa bhliain 1779, chuir sé tuairisc síos faoi chruthú dathaigh buí nuair a measctar indigo le aigéad nitreach. Ba é sin aigéad picreach a úsáideadh sa 19ú haois mar bhunús an chéad dathaigh sintéiseach sa bhliain 1849, mar ábhar pléascadh ag Jean-Baptisite Dumas sa bhliain 1885 agus mar ábhar antaiseipteach i gcoinne dóiteán craicinn.

Chum sé an Buidéal Bhulbhach, gléas folcadh ceimiceach le trí mhuineál air lenar féidir gás a scagadh trí leacht.[2][3]

Bhí an-suim aige i rith a shaoil san ailcheimic (conas ór a dhéanamh as miotail eile ar nós luaidhe).

Ceapadh mar bhall den Royal Society (An Cumann Ríoga) é agus bronnadh Bonn Copley air. Cailleadh i Lonndain é sa bhliain 1803.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sharon Slater | Sep 30, 2016 | History, Who was? (2016-09-30). "Who was Peter Woulfe - The Last Alchemist • History, Who was?" (en-US). Limerick's Life. Dáta rochtana: 2019-05-31.
  2. "L. Experiments on the distillation of acids, volatile alkalies, &c. shewing how they may be condensed without loss, and how thereby we may avoid disagreeable and noxious fumes: In a letter from Mr. Peter Woulfe, F. R. S. to John Ellis, Esq; F. R. S." (as en) (1767-1). Philosophical Transactions of the Royal Society of London 57: 517–536. doi:10.1098/rstl.1767.0052. ISSN 0261-0523. 
  3. Philip Joseph Hartog. "Woulfe Peter". Dictionary of National Biography, 1885-1900 Volume 63.