Páirtí Cummanach na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páirtí Cumannach na hÉireann
Ceannasaíocht Lynda Walker
Bunaithe 1933
Ceanncheathrú 43 East Essex Street, BÁC 2
Idé-eolaíocht Marxach, cumannachas
Cleamhnas IMCWP
Dathanna Dearg
Gréasáin communistpartyofireland.ie

Páirtí beag Marxach uile-oileánda é Páirtí Cumannach na hÉireann (Béarla: The Communist Party of IrelandCPI) a bunaíodh sa bhliain 1933. Rinneadh Páirtí Sóisialach na hÉireann, páirtí eile a bhíodh ann roimhe, a athainmniú mar Páirtí Cumannach na hÉireann (nó Communist Party of Ireland) sa bhliain 1921 tar éis dó cleamhnacht a dhéanamh leis an Idirnáisiúnaí Commanach nó an Communist International ach díscaoileadh é sa bhliain 1924. Bunaíodh PCÉ an lae inniu sa bhliain 1933 ag Grúpaí na n-Oibrithe Réabhlóideacha.

Tagairtí[athraigh | edit source]