Pádraic Óg Ó Conaire
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Pádraic óg Ó Conaire |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 11 Márta 1893 An Turlach Beag, Éire |
Bás | 5 Lúnasa 1971 78 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | Gaeilge Chonnacht |
Scríbhneoir Éireannach é Pádraic Óg Ó Conaire, a rugadh i gContae na Gaillimhe sa bhliain 1893 agus a fuair bás i gCuan Chasla ar an 5 Lúnasa 1971.[1]
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Ó Conaire ar an scríbhneoireacht agus é ina ógfhear agus lean sé den ealaín sin ar feadh beagnach seasca bliain: ghnóthaigh sé duais in Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1913 le gearrscéal. Foilsíodh an leabhar deiridh uaidh sa bhliain 1975, tamall tar éis a bháis.
Lón léitheoireachta gan uaillmhian ardealaíonta a bhí i gceist aige lena chuid leabhar. Ach is foinse luachmhar eolais a shaothar faoin saol a chaith muintir Chonamara lena linn.
Bhain Mícheál Ó Conghaile an-úsáid as scríbhneoireacht Phádraig Óig nuair a scríobh sé a shaothar taighde faoi shaol Chonamara agus faoin gcur síos a tugadh air i litríocht an cheantair.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Pádraic Óg Ó Conaire i Ros Muc, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1893. Fuair sé a chuid bunscolaíochta ansin agus ghnóthaigh sé scoláireacht as sin le dul go Scoil Éanna, Ráth Fearnáin, an scoil a bhunaigh Pádraig Mac Piarais.
Fuair sé teastas múinteora agus é fós ag freastal ar Scoil Éanna sa bhliain 1910. Múinteoir taistil a bhí ann ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin i dTír Eoghain agus i Maigh Eo, in Uíbh Fháilí agus in áiteanna eile. Timpeall fiche bliain a chaith sé ar an obair sin.
Sa bhliain 1913 chuir Seán T. Ó Ceallaigh faoi mhionn Bhráithreachas na Poblachta é agus ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse.
Bhí Ó Conaire ina ollamh i gColáiste an Spidéil ar feadh naoi mbliana déag.
Chaith Ó Conaire seacht mbliana fichead ina aistritheoir i dTeach Laighean ó 1931 go 1958, agus bhí sé ina léitheoir nuachta do Raidió Éireann chomh maith.
Phós sé Anastasia O'Connell as Béal Átha na Muice i Maigh Eo i 1913. Ba sa bhaile sin a chónaigh sé go dtí go bhfuair sé an post mar aistritheoir i mBaile Átha Cliath. Bhí triúr mac aige, agus iníon a fuair bás go hóg.
Fuair Ó Conaire bás tar éis dó éirí tinn agus é ag iascaireacht i gCuan Chasla lena mhac Piaras, ar an 5 Lúnasa 1971. Cuireadh i mBéal Átha na Muice é.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na leabhar a scríobh sé tá:
- Mian a Croí, 1922
- Solas an ghrádha, 1923
- Cóilín Ó Cuanaigh, 1923
- Anam an Pháiste, 1924
- Cara an Mhic Léighinn, 1924
- Seoid ón Iarthar Órdha, 1924
- An Fraoch Bán, 1924
- Draoidheacht na Fairrge, 1927
- Droichead na Gaedhilge, 1927
- Éan Cuideáin, 1936
- Ceol na nGiolach, 1939
- Athaoibhneas, 1959
- Fuine gréine, 1967
- Déirc an Díomhaointis, 1972
- Liam Ó Maolruanaigh, 1975
Rinne sé a lán aistriúchán freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CONAIRE, Pádraic óg (1893–1971) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.