Odilon Redon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaíontóir a rugadh i mBordeaux na Fraince ab ea Odilon Redon (1840-1916). Meastar gurbh é réamhtheachtaire an Osréalachais é mar bhain sé feidhm as seichimh taibhreamh ina shaothar. Rinne sé an-chuid líníochtaí gualaigh is liteagraf. Ach tar éis 1900 rinne sé péintéireacht bláthanna is portráidí i ndathanna tréana, le pastail go príomha.