Max Planck
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Max Planck | |
| Planck sa bhliain 1918 (Nobel/KVA) | |
| Dáta breithe | 23 Aibreán 1858 |
| Kiel, Schleswig-Holstein | |
| Dáta báis | 4 Deireadh Fómhair 1947 |
| Göttingen, an Ghearmáin | |
| Náisiúntacht | Gearmánach |
| Réimsí | Fisic |
| Iomráiteach do | Tairiseach Planck, Dlí Planck, Postaláid Planck |
| Duaiseanna | Duais Nobel (1918) |
| Síniú |
|
Fisicí Gearmánach ab ea Max Karl Ernst Ludwig Planck (23 Aibreán 1858 - 4 Deireadh Fómhair 1947). B'é Planck a chéadchuimhnigh ar Theoiric an Chandaim. Céim an-mhór ar aghaidh in eolaíocht an 20ú aois ba ea an teoiric sin. Is é seo prionsabal bunaidh na teoirice seo: ní mar athróg leanúnach a astaítear fuinneamh ach ina aonaid scoite nó ina bhearta. 'Candaim' a thugtar ar na bearta seo. Niels Bohr agus Albert Einstein, bhunaigh siad teoiricí móra eile ar an smaoineamh bunaidh seo. Chítear mar bhunaitheoir na meicnice chandamaí é, agus mar sin, ba dhuine de na fisicithe ba thábhachtaí den fhichiú aois é.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.