Marie Tussaud

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMarie Tussaud

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Anna Maria Tussaud
Beathaisnéis
Breith1 Nollaig 1761
Strasbourg (Ríocht na Fraince)
Bás16 Aibreán 1850
88 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaLondain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDealbhóireacht
Gairmdealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteFrancis Tussaud Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 12141 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba dhealbhóir céarach agus bunaitheoir céirlainne cáiliúla i Londain í Madame Maire Tussaud (1761 – 1850). Tá brainsí de chuid chéirlann Madame Tussaud le fáil ar fud an domhain anois.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í leis an ainm Marie Grosholtz i Strasbourg. Ba shaighdiúir é a hathair a fuair bás i gCogadh na Seacht mBliana, dhá mhí sular saolaíodh Marie féin. Fuair a máthair post mar fhreastalaí baile don dochtúir Párasach, Philippe Curtius. Ba dhochtúir é Curtius a bhí oilte i snoíodóireacht chéarach, rud a d’úsáid sé chun anatamaíocht a thaispeáint agus mhúin sé an cheird seo do Mharie óg.

Gairm mar Dhealbhóir Céarach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Marie cáil amach ar dtús mar gheall ar dhealbha céarach a chruthaigh sí de Voltaire agus an státaire cuartaíochta Meiriceánach, Benjamin Franklin. Díríodh aird an teaghlaigh ríoga orthu mar gheall orthu seo agus fostaíodh í mar theasgascóir ealaíne do dheirfiúr an rí, Louis XVI.

Marie Tussaud

Í Sáite i Réabhlóid na Fraince[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh deireadh le hobair Mharie leis an teaghlach ríoga nuair phléasc Réabhlóid na Fraince amach. Caitheadh í i bpríosún mar gheall ar an gceangal ríoga seo agus roinn sí cillín Josephine Beauharnais, a bheadh ina Banimpire ar an bhFrainc ina dhiaidh sin nuair a phósfadh sí Napoleon. Cuireadh iachall ar Mharie maisc mhairbh a dhéanamh dóibh siúd a cuireadh chun báis, chun a dhílseacht don bhunaíocht nua a cruthú. B’obair uafásach é seo, ina mbíodh ar Mharie cuardach a dhéanamh trí charn na gcorpán le teacht ar cheann bainte na ndaoine a bhí ag teastáil. Ina measc seo bhí Louis XVI agus a bhean chéile Marie Antoinette. Bhí an dá mhasc mairbh seo ar na codanna is mó dá taispeántas céarach ina dhiaidh sin.

Imeacht thar Sáile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Marie taispeántas an Dr. Curtius mar oidhreacht tar éis dó siúd bás a fháil. Phós sí Francois Tussaud sa bhliain 1795, nuair a ghlac sí le sloinne nua a mbeadh an oiread sin cáile air ina dhiaidh sin mar gheall ar a cuid oibe. Ní raibh ag éirí go maith leis an ngnó agus bheartaigh sí ar dhul thar lear leis an taispeántas go dtí an Bhreatain. D’fhág sí an Fhrainc agus a fear céile i 1802, chuige sin. Ní fheicfeadh sí ceachtar acu riamh arís. D’éirigh thar barr le taispeántas Tussaud sa Bhreatain, áit a raibh suim mhór ag an bpobal i ndaoine cáiliúla, anuas ar an bhfonn a bhí ar lucht polaitiúil ansin caitheamh anuas agus damnú a dhéanamh ar mhuintir na Réabhlóide sa Fhrainc, agus na cogaí ar siúl in aghaidh Napoleon ag an am.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an rath ar Marie Tussaud sa Bhreatain agus d’fhan sí ansin go dtí go bhfuair sí bás sa bhliain 1850. Cuireadh an taispeántas ar aghaidh dá sliocht agus bhunaithe a garpháistí an chéirlann san áit a bhfuil sí anois ar Shráid Marylebone i Londain.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]