Malcolm Lowry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMalcolm Lowry
Beathaisnéis
Breith28 Iúil 1909
Birkenhead, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meitheamh 1957
47 bliana d'aois
Chalvington le Ripe, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaThe Parish Church of St John the Baptist (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste St. Catharine, Cambridge
Scoil Caldicott Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMeicsiceo
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht
Gairmscríbhneoir, file, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0523345 Musicbrainz: 65d4638a-6919-44ca-a5ed-369e655b8f07 Discogs: 2452276 Find a Grave: 9583818 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Sasanach ab ea Clarence Malcolm Lowry (28 Iúil 1909 – 26 Meitheamh 1957) a bhfuil aithne air mar údar ar an t-úrscéal Under the Volcano ó 1947, a mheastar go minic mar ceann do na húrscéalta is fearr don 20ú céad.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Lowry i New Brighton, Cheshire, mac le bróicéir cadáis i Learpholl. Cuireadh oideachas air i St Catharine's College, Cambridge, ach ní raibh suim ar bith aige a bheith ag dul i mbun gnó mar a rinne a athair. Chaith sé tréimhse ag obair mar mhairnéalach ar galtán agus, spreagtha ag a spéis mhór sa snagcheol, thug sé iarraidh ar ghairm mar chumadóir amhrán. Níor eirigh leis, afach, agus i dtús na dtríochaidí scríobh sé a chéad úrscéal, Ultramarine (1933). Saothar dírbheathaisnéiseach a bhí ann, faoi fhear óg ar lastlong atá ag iarraidh é féin a chruthú i measc seanmhairnéalaigh. Bhí sé an-turgnamhach ó thaobh teicníochta agus tá tionchar Joyce soiléir. Ní raibh rath ar an leabhar, agus sna blianta ina dhiaidh sin, chaith Lowry saol fánaíochta sa Spáinn, i bPáras, i Nua-Eabhrac, agus i gCalifornia, áit inar bhuail sé lena dhara bhean chéile, Margerie Bonner. Chuaigh fadhbanna Lowry le halcól in olcas sna blianta seo agus lonnaigh sé agus a bhean chéile ar Dollarton Beach, Vancouver i bpobal suiteoirí i 1940, chun an tsíocháin agus an t-am a aimsiú chun díriú ar an scríbhneoireacht go dáiríre. Is ansin a scríobh Lowry an saothar is cáiliúla óna bheadh aithne air.

Moladh go hard na spéire Under the Volcano agus díoladh go maith é, ag caitheamh míonna ar liostaí na leabhair sárdhíola. Níor mhaolaigh rath fadhbanna pearsanta Lowry, áfach; a mhalairt ar fad, géaraigh sé iad. Duin fíorchúthail é Lowry, agus míchompordach i measc a lucht léitheoireachta agus foilsitheoirí. Chuir sé síos ar rath i ndán mar “tubaiste uafásach éigin”.[1]

Is cosúil go bhfuil a tobar inspioráide ídithe ag Lowry, agus chaith sé na deich mbliana deiridh dá shaol ag cuardach inspioráide in aisce. Thaistil sé féin agus a bhean chéile beagnach i gcónaí, ag tabhairt cuairte ar an Eoraip, ar an réigiún Mhuir Chairib, ar Deisceart na Stáit Aontaithe, agus ar Nua-Eabhrac. D'fhill siad ar Cheanada i 1949. Rinne sé iarracht script scannáin a scríobh de Tender Is the Night le F. Scott Fitzgerald, agus cé go raibh sé sásta leis an toradh, níor léiríodh riamh é mar scannán.

I 1956 d'aistrigh Lowry agus a bhean go cósta theas Shasana. Chuaigh a gcaidreamh agus a alcólachas in olcas agus ar 27 Meitheamh 1957, tar éis troid eatarthu, fuair Lowry bás de bharr ródháileog piollaí codlata measctha le halcól. Rialaigh cróinéir a bhás mar bhás de bharr míthapa, cé go raibh ráflaí ó shin i leith go mb'fhéidir gur féinmharú, nó fiú dúnmharú, a bhí ann.[2]

Under the Volcano[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is clasaiceach d’fhicsean an 20ú haois é an t-úrscéal, Under the Volcano (1947), a ghlac blianta fada le scríobh agus a ndearnadh go leor leasuithe air. I Meicsiceo atá an scéal suite, le linn Lá Fhéile na Marbh, agus an lá deireanach Geoffrey Firmin, consal alcólach Briotanach, atá cosúil le Lowry féin. Osclaíonn an scéal i gcathair ficseanúil Quauhnahuac i mí na Samhna 1939, leis an scannánóir Francach Jacques Laruelle agus Dr. Vigil ag dul siar ar na himeachtaí tragóideacha a tharla bliain díreach roimhe sin san áit chéanna, inarbh iad na príomhphearsana ná Firmin, Yvonne, a bhean chéile a raibh sé scartha uaithi, agus a leath-dheartháir Hugh.

Clúdach an chéad eagrán.

San am atá caite, filleann Yvonne tar éis bliana scartha ón Geoffrey agus briseadh a bpósadh, le hintinn seans eile a thabhairt dá fear céile. Tá an consal ag teacht chuige féin ó babhta óil na hoíche roimhe sin. Déantar athmhuintearas leochaileach eatarthu agus tá sé soiléir go bhfuil grá de saghas éigin acu dá chéile fós. Cuirtear an próiseas leighis as a riocht le teacht Hugh áfach, agus tosaíonn an consal ag ól go trom arís. Téann an scéal in olcas nuair a thugtar cuireadh do Firmin, Yvonne, agus Hugh chun deochanna a fháil i dteach Laruelle. Cuirtear i gcuimhne don consal an caidreamh seachphósta gairid idir Yvonne agus Laruelle, fachtóir ina scaradh freisin.

Socraíonn siad turas chuig sráidbhaile in aice láimhe, áit a bhfuil carnabhail ar siúl. Scartar an consal ó Hugh agus Yvonne agus thugann sé faoin ól go dian, a thugann sé ó cantina gránna amháin go dtí an chéad cheann eile i bhfáinne fí de meisceoireachta a chríochnaíonn leis dúnmharú an chonsail ó na póilíní rúnda, a ar amhras go spiaire é. Idir an dá linn tá Yvonne agus Hugh imithe amú san fhoraois ar na gaobhair. Le linn stoirme toirneach, maraítear Yvonne trí thimpiste ag capall gan marcaigh a bhí scanraithe.

Tá go leor siombalachas ag baint leis an t-úrscéal, agus le tagairtí do dhrámaíocht Ghréagach, tragóid Seacaibíteach, agus filíocht Baudelaire agus Swinburne, chomh maith le snagcheol agus scannánaíocht. Treisítear atmaisféar na bagartha agus míchinniúna ag cur síos cumhachtach  ar thírdhreach Mheicsiceo, arb iad na gnéithe is suntasaí díobh na bolcáin Popocatepetl agus Ixtaccihuatl, a thugann an t-ainm don úrscéal.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tony Bareham (1989). "Malcolm Lowry" (as en). SpringerLink: l. 48. doi:10.1007/978-1-349-19973-0. 
  2. Bowker, G. (2004), "Foul Play at White Cottage", The Times Literary Supplement, 20 Feabhra 2004. https://malcolmlowry.blogspot.com/2011/04/foul-play-at-white-cottage.html