Johann Ernst Glück

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá an áit inar oibrigh Glück sa 17ú haois anois ina iarsmalann náisiúnta.

Aistritheoir Gearmánach agus diagaire Liútarach ab ea Johann Ernst Glück (Laitvis: Ernsts Gliks; 10 Samhain, 1654 - 5 Bealtaine, 1705) a bhí gníomhach san Livóin (Béarla: Livonia), atá anois suite i Laitvia.

Rugadh Glück i Wettin agus bhí a athair ina tréadaí. Tar éis freastal ar an scoil Laidine Altenburg, rinne sé staidéar ar dhiagacht, reitric, fhealsúnacht, chéimseata, stair, Thíreolaíocht, agus Laidin ag Wittenberg agus Jena.

Tá clú agus cáil ar Ghlück as an Bhíobla Naofa a aistriú go Laitvis, a rinne sé ina iomláine i Marienburg (Alūksne) san Livóin, i bhfoirgneamh atá anois ina Ard-Mhúsaem na hAlūksne, a bunaíodh in onóir a chuid oibre. Bhunaigh sé freisin na céad scoileanna teanga Laitvise san Livóin sa bhliain 1683. Fuair sé bás i Moscó.

Bhí ceathrar iníonacha, mac, agus iníon-altrama Marta Skavronska aige a phós Peadar Mór na Rúise, dá ngairmfear go príomha Caitríona I na Rúise. Ó 1725 go dtí 1727 bhí sí ina banimpire ar Impireacht na Rúise.