Jimi Hendrix
Ceoltóir Meiriceánach ab ea James Marshall "Jimi" Hendrix, (27 Samhain, 1942 - 18 Meán Fómhair, 1970). Giotáraí agus cumadóir a bhí ann, agus duine de na giotáraithe ba thábhachtaí i stair an rac-cheoil. Ba as Seattle dó, agus fuair sé bás i Londain, Shasana sa bhliain 1970.
[athraigh] Ainmneacha
Saolaíodh Hendrix leis an ainm Johnny Allen Hendrix, mac le hAl Hendrix agus Lucille Jeter Hendrix i Seattle, Washington. Thugtaí an leasainm Buster air nuair a bhí sé óg, tar éis Buster Brown, cartún a bhí cáiliúil ag an am. Sa bhliain 1946, d'athraigh Al Hendrix a ainm go h-oifigiúil go James Marshall Hendrix. Tar éis seo, bhíodh aithne ag daoine ar Jimi mar Jimmy, nó James. Nuair a thosaigh sé ag seinm i mbannaí éagsúla, d'úsáid sé na hainmneacha Maurice James nó Jimmy James. Dúirt a bhainisteoir Chas Chandler níos déanaí gur iarr sé ar Jimi an litriú a athrú go "Jimi", in áit "Jimmy", ach dúirt Hendrix gurb é a smaoineamh féin é. An rud amháin atá cinnte ná d'úsáid Hendrix an t-ainm nua Jimi Hendrix as seo amach.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.