Jerome Cardan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Matamaiticeoir, lia is ileolaí cruthanta a rugadh i bPavia na hIodáile ab ea Jerome Cardan (Geronimo Cardano, 1501-1576). D'fhoilsigh sé tráchtais údarásacha ar fhisic, matamaitic, réalteolaíocht, astralaíocht, reitric, an nádúr, ceol, míochaine, dialachtaic is stair. Bhí tionchar ag a shárshaothar Ars Magna (Ealaín den Scoth, 1545) ar fhorbairt an ailgéabair mar gur thug sé réitigh ailgéabracha ar chothromóidí ciúbacha is cuartacha den chéad uair riamh.