Jeanne d'Arc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJeanne d'Arc

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithluach anaithnid
c. 1412
Domrémy-la-Pucelle (Ríocht na Fraince)
Bás30 Bealtaine 1431
18/19 bliana d'aois
Rouen (Dual monarchy of England and France)
Siocair bháisPionós an bháis (Bás trí dhó)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Teanga dhúchaisAn Mheán-Fhraincis
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Mheán-Fhraincis
Gairm mhíleata
GéillsineRíocht na Fraince
CoinbhleachtCogadh Céad Bliain, Léigear Orléans, Battle of Jargeau (en) Aistrigh, Battle of Meung-sur-Loire (en) Aistrigh, Battle of Beaugency (en) Aistrigh, Battle of Patay (en) Aistrigh, March to Reims (en) Aistrigh, Léigear Pháras, Léigear Saint-Pierre-le-Moûtier, Léigear La Charité agus Léigear Compiègne
Ardú
Lá féile30 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
AthairJacques d'Arc  agus Isabelle Romée
SiblínCatherine d'Arc, Jacques d'Arc, Jean d'Arc agus Pierre d'Arc
CúiseamhEiriceacht agus asarlaíocht
Ciontaíodh ieiriceacht (1431) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
1450íAtriail Jeanne d'Arc
1 Márta 1431interrogation (en) Aistrigh
24 Feabhra 1431interrogation (en) Aistrigh
9 Eanáir 1431-29 Bealtaine 1431Triail Jeanne d'Arc Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Musicbrainz: 511c0e77-5d1c-4c47-a7e7-7dd9e43afe22 Songkick: 241937 Find a Grave: 22152 Cuir in eagar ar Wikidata

Gaiscíoch den chúigiú haois déag ba ea Jeanne d’Arc (c. 141230 Bealtaine 1431). Banlaoch náisiúnta de chuid na Fraince ba ea í agus tugadh "Ainnir Orléans" uirthi chomh maith. Cailín tuathánach ba ea í a rugadh in Oirthear na Fraince.

Bhí sí i gceannas ar arm na Fraince san iliomad buanna tábhachtacha le linn Chogadh an Chéad Bliain, ag maíomh go raibh treoir á fáil aici, agus bhí sí freagrach go hindíreach as corónú Rí Shéarlas VII. Ghabh na Sasanaigh í, rinneadh í a thriail os comhair cúirte eaglasta agus dódh ag an stáca í nuair a bhí sí naoi mbliana déag d’aois.

Ceithre bliana is scór ina dhiaidh sin, rinne an Suí Naofa athbhreithniú ar chinneadh na cúirte eaglasta, fuarthas neamhchiontach í, agus gaireadh ina mairtíreach í. Beannaíodh sa bhliain 1909 í agus canónaíodh í ina dhiaidh sin sa bhliain 1920.

Dhearbhaigh Jeanne go raibh rudaí ó Dhia á dtaibhreamh di, físeanna a d’inis di a tír dhúchais a aisghabháil ó cheannas Sasanach go déanach i gCogadh an Chéad Bliain. Rinne Rí Shéarlas VII, nach raibh corónaithe ag an am, í a chur chuig an léigear ag Orléans mar chuid de mhisean fóirithinte. Tháinig sí in ardréim nuair a sháraigh sí meon diúltach na gceannasaithe ársa agus chuir sí deireadh leis an léigear taobh istigh de naoi lá. Rinneadh Séarlas VII a chorónú ag Reims de bharr níos mó buanna tapa éagsúla agus socraíodh an comharbas chun na corónach a raibh conspóid faoi.

Féachtar ar Jeanne d’Arc fós mar dhuine tábhachtach ar fud chultúr an Iarthair. Ó aimsir Napoleon go dtí an lá atá inniu ann, tá aird tugtha ag polaiteoirí na Fraince de gach claonadh ar a cuimhne. I measc na mórscríbhneoirí agus na gcumadóirí a bhfuil saothair scríofa acu fúithi tá Shakespeare, Voltaire, Schiller, Verdi, Tchaikovsky, Twain agus Shaw. Leantar ag tabhairt cuntais uirthi go fóill i scannáin, ar an teilifís, i bhfíschluichí, in amhráin agus i ndamhsaí.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann an staraí Kelly DeVries cur síos ar an tréimhse sular tháinig sí ag rá, “Dá mbeadh rud ar bith ina údar mór drochmhisnigh di, ba cheart go mbeadh staid na Fraince i 1429." Cuireadh tús le Cogadh an Chéad Bliain sa bhliain 1337 mar chonspóid chomharbais chuig coróin na Fraince le tréimhsí eadrannacha a bhí síochánta den chuid is mó. Ba sa Fhrainc a bhí an chuid is mó den chomhrac agus bhí úsáid na Sasanach d'oirbheartaíocht chevauchée tar éis an geilleagar a scriosadh. Ní raibh daonra na Fraince tagtha chuige féin tar éis na Plá Móire ón gcéad roimhe sin agus bhí a ceannaithe scoite ó mhargaí iasachta. Ag tús a gairme, bhí sprioc na Sasanach de dhé-mhonarcacht faoi smacht Sasanach bainte amach acu agus ní raibh bua mór ar bith bainte amach ag arm na Fraince le glúin anuas. I bhfocail DeVries, “ní raibh ríocht na Fraince mar scáth a fréamhshamhail, fiú, ón tríú haois déag.”

Chuaigh rí na Fraince, Séarlas VI, a bhí i gcumhacht nuair a rugadh Jeanne, trí thréimhsí de ghealtacht agus ba mhinic nach raibh ar a chumas aige an tír a rialú. Rinne deartháir an rí, an Diúc Louis d’Orléans, agus col ceathrair an rí, Jean sans Peur (Jean gan Eagla), Diúc na Burgúine, achrann lena chéile mar gheall ar leasríocht na Fraince agus caomhnóireacht na bpáistí ríoga. Ghéaraigh an chonspóid go dtí go ndearnadh cúiseamh go raibh caidreamh seachphósta ar siúl le Banríon Isabeau ón mBaváir agus gur fuadaíodh na páistí ríoga. Tháinig cúrsaí chun buaice nuair a d’ordaigh Diúc na Burgúine feallmharú na Diúce d’Orléans sa bhliain 1407.

Tugadh les Armagnacs agus les Bourguignons (na Burgúnaigh) ar na faicsin a bhí dílis don bheirt fhear seo. Bhain Rí Shasana, Anraí V, leas as an rachlas seo agus rinne sé ionradh ar an bhFrainc. Bhí bua drámata aige in Azincourt sa bhliain 1415 agus ghabh sé bailte móra i dtuaisceart na Fraince. Ghlac Séarlas VII, nó Rí Shéarlas VII mar a chuirfí air níos déanaí, an teideal Dauphin mar oidhre chun na corónach ag aois 14 mbliana, i ndiaidh do gach duine dá cheathrar deartháireacha ní ba shine bás a fháil. Ba é an chéad acht suntasach oifigiúil a bhí aige conradh síochána leis an mBurgúin a chur i gcríoch sa bhliain 1419. Tháinig sé seo chun deiridh go tubaisteach nuair a dhúnmharaigh páirtínigh Armagnac Jean san Peur le linn cruinnithe agus iad faoi ráthaíocht cosanta Shéarlais. Chuir Diúc nua na Burgúine, Philippe le Bon (Dea-Philippe), an milleán ar Shéarlas agus chuaigh sé i gcomhar leis na Sasanaigh. Cuireadh codanna móra den Fhrainc faoi chois.

Sa bhliain 1420, chuir Banríon Isabeau ón mBaváir deireadh le Conradh Troyes, rud a thug comharbas ríoga na Fraince d’Anraí V agus a oidhrí seachas dá mac féin, Séarlas. Tharraing an comhaontas seo ráflaí anuas faoina caidreamh ceaptha leis an iardhiúc d'Orléans agus mhúscail sé amhrais úra gur thuilí ríoga é ab ea an Dauphin seachas mac an rí. D’éag Anraí V agus Séarlas VI laistigh de dhá mhí dá chéile sa bhliain 1422, agus fágadh naíonán, Anraí VI Shasana, in ainm a bheith mar mhonarc an dá ríocht. Ba é deartháir Anraí V, John de Lancaster, an chéad Diúc de Bedford, a rinne obair an leasrí.

Faoi thús na bliana 1429, bhí an chuid is mó de thuaisceart na Fraince agus codanna eile den iardheisceart faoi smacht iasachtach. Bhí na Sasanaigh i réim i bPáras agus ba iad na Burgúnaigh a bhí i gceannas in Reims. Ba thábhachtach í an dara cathair sin mar go raibh sé ina láthair thraidisiúnta chorónuithe agus choisreacain na Fraince, go háirithe ós rud é nár corónaíodh ceachtar d’éilitheoirí choróin na Fraince go fóill. Bhí na Sasanaigh tar éis léigear a chur ar Orléans, an t-aon chathair dhílis Fhrancach a bhí fágtha an taobh ó thuaidh den Loire. Mar gheall ar a suíomh straitéiseach taobh na habhann ba í Orléans an rud deireanach a bhí sa bhealach ar ionsaí ar an gcuid eile de chroíthailte na Fraince. I bhfocail staraí amháin de chuid na haimsire seo, “Bhí cinniúint na ríochta ar fad ag brath ar chinniúint Orléans." Ní raibh dóchas ag duine ar bith go bhféadfadh an chathair an léigear a sheasamh go rófhada.

A Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iarsmalann anois í an áit inar rugadh í. Tá séipéal an tsráidbhaile a dtéadh sí chuige ar dheis taobh thiar de na crainn.

Jacques d’Arc agus Isabelle Romée ab ainmneacha do thuismitheoirí Jeanne d’Arc in Domrémy, sráidbhaile a bhí ag an am sin i ndiúiceacht Bar (agus níos déanaí gabhadh isteach i gcúige Lorraine é agus athainmníodh é Domrémy-la-Pucelle). Bhí tuairim is 50 acra (0.2 ciliméadar cearnach) de thalamh ag a tuismitheoirí agus bhí post beag ag a hathair, sa bhreis ar a chuid oibre feirmeoireachta, mar oifigeach sráidbhaile, ag bailiú cánacha agus i gceannas ar an bhfaire áitiúil. Bhí cónaí orthu i gceantar iargúlta den limistéar oirthuaisceartach a d’fhan dílis do choróin na Fraince cé go raibh tailte Burgúnacha gach taobh de. Tharla mórán ruathar le linn a hóige agus uair amháin rinneadh an tsráidbhaile a dhó.

Dúirt Jeanne go raibh sí tuairim is naoi mbliana déag d'aois ag a triail, mar sin rugadh í thart ar an mbliain 1412; tamall ina dhiaidh sin dhearbhaigh sí go raibh a céad fhís aici thart ar an mbliain 1424 nuair a bhí sí dhá bhliain déag d'aois fad a bhí sí amuigh i bpáirc léi féin agus chuala sí glórtha. Dúirt sí gur bhris a gol uirthi nuair a d'fhág siad mar go raibh siad chomh spéiriúil sin. Bhí sé ina scéal aici gurb iad Naomh Micheál, Naomh Caitríona agus Naomh Maighréad a d’inis di an ruaig a chur ar na Sasanaigh agus an Dauphin a thabhairt go dtí Reims dá chorónú.

Nuair a bhí sí sé bliana déag d’aois, d’iarr sí ar ghaol muinteartha dá cuid, Durand Lassois, í a thabhairt go dtí Vaucouleurs, a bhí i gcóngar, áit ar impigh sí ar an gceannasaí garastúin, an Cunta Robert de Baudricourt, cead a fháil cuairt a thabhairt ar an gcúirt ríoga Fhrancach ag Chinon. Níor choisc freagra searbhasach Baudricourt í. D’fhill sí i mí Eanáir na bliana ina dhiaidh sin agus fuair sí tacaíocht ó bheirt fhear mheasúla: Jean de Metz agus Bertrand de Poulengy. Faoi choimirce na bhfear seo, d’aimsigh sí agallamh eile, áit a ndearna sí réamhaithris shuntasach maidir le freaschur míleata gar d’Orléans.

Éirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fothrach an halla mhóir ag Chinon, áit ar bhuail sí le Rí Séarlas VII. Tá an t-aon túr sa chaisleán atá slán go fóill ina iarsmalann anois atá tiomnaithe do Jeanne.

Dheonaigh Robert de Baudricourt coimhdeacht di chun cuairt a thabhairt ar Chinon i ndiaidh scéala a fháil ón bhfronta a dhearbhaigh a réamhinsint. Rinne sí an t-aistear trí limistéar naimhdeach Burgúnach agus í i riocht fir. Nuair a shroich sí an chúirt ríoga chuaigh sí i bhfeidhm ar Shéarlas VII le linn comhdháil phríobháideach. Ansin d’ordaigh sé go gcuirfí fiosrúcháin chúlra ar bun fúithi mar aon le scrúdú diagachta ag Poitiers d'fhonn a moráltacht a dheimhniú. Le linn an ama seo bhí máthair chéile Shéarlais, Yolande d’Aragon, ag maoiniú turas faoisimh go dtí Orléans. D'iarr Jeanne cead dul ag taisteal leis an arm agus trealamh ridire a chaitheamh. Bhraith sí ar dheonacháin dá cathéide, capall, claíomh, meirge, agus lucht coimhdeachta. Deirtear go raibh dath bán ar a cathéide. Míníonn an staraí Stephen W. Richey an tarraingt a bhain léi agus é ag rá gurbh í an t-aon fhoinse dóchais do réimeas a bhí ar tí cliseadh:

“Tar éis blianta de bhriseadh náireach amháin i ndiaidh a chéile, rinneadh ceannasaíocht mhíleata agus shibhialta na Fraince a dhomheanmnú agus tarraingíodh míchlú air. Nuair a cheadaigh an Dauphin Séarlas iarratas práinneach Jeanne í a réiteach do chogadh agus a chur mar cheann ar a airm, ní mór gur bhunaigh sé a chinneadh den chuid is mó ar an eolas gur baineadh triail as gach rogha ceartchreidmheach, réasúnach agus gur theip orthu. Ní thabharfadh ach réimeas atá ina chruachás deireanach éadochais aird ar chailín neamhliteartha feirme a mhaígh go raibh glór Dé ag tabhairt treoracha di dul i gceannas ar arm a tíre agus í a thabhairt chun bua.”

Shroich sí léigear Orléans an 29 Aibreán 1429, ach i dtosach rinne Jean d'Orléans, ceann gníomhach theaghlach diúic Orléans, í a eisiamh ó chomhairlí cogaidh agus níor chuir sé in iúl di nuair a bhí an t-arm ag dul i ngleic leis an namhaid. Níor choisc sé seo í a bheith i láthair ag formhór na gcomhairlí ná ag formhór na gcathanna. Is mó díospóireacht stairiúil a dhéantar ar mhéid an cheannais mhíleata a bhí aici i ndáiríre. Dar le staraithe traidisiúnta mar Édouard Perroy, ba mheirgire í a chuaigh i bhfeidhm go príomha ar sprid na ndaoine. Braitheann an cineál anailíse seo go hiondúil ar fhianaise na trialach daorbhreithe, áit a ndúirt sí gurbh fhearr léi a meirge ná a claíomh. Dearbhaíonn staidéar a rinneadh le déanaí a dhíríonn ar fhianaise na trialach neamhnithe go raibh meas ag a comhoifigigh uirthi mar bheartaí oilte agus straitéisí rathúil. Mar shampla, seo a leanas tuairim Stephen W. Richey: “Lean sí léi i gceannas ar an arm i sraith mhillteanach de bhuanna a d’aisiompaigh imeachtaí an chogaidh.” Ar aon chaoi, bíonn staraithe ar aon intinn gur éirigh go suntasach leis an arm don achar gairid a bhí sí ann.

Tá an daingean inmheánach ag Beaugency ar cheann de roinnt bheag de na daingnithe fánacha atá fós ann ó chatha Jeanne. Rinne cosantóirí Shasana cúlú chuig an túr ar bharr dheis tar éis do na Francaigh balla an bhaile mhóir a bhearnú.

Ceannasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir sí in aghaidh na straitéise faichillí a bhí de réir thréithe cheannasaíocht na Fraince. Le linn na gcúig mhí de léigear sular tháinig sí, níor thug cosantóirí Orléans iarracht ach ar aon bheart amháin a dhéanamh agus tháinig deireadh leis sin go tubaisteach. An 4 Bealtaine thug na Francaigh amas ar dhaingean forimeallach Saint Loup agus ghabh siad é. An lá ina dhiaidh sin, an 5 Bealtaine, lean sí le máirseáil go dtí daingean eile darbh ainm Saint Jean le Blanc. Tháinig siad air agus é bánaithe agus bua gan mharú a bhí ann. An lá ina dhiaidh sin chuir sí i gcoinne Jean d'Orléans ag comhairle cogaidh, áit ar éiligh sí ionsaí eile ar an namhaid. D’ordaigh d’Orléans go gcuirfí glas ar gheataí na cathrach chun cath eile a chosc, ach thionóil sí fir an bhaile mhóir agus na gnáthshaighdiúirí agus chuir siad d’fhiacha ar an méara an glas a bhaint de gheata. Le cabhair ó aon chaptaen amháin thug sí aghaidh ar Saint Augustins agus ghabh sí an daingean ann. An tráthnóna sin chuala sí gur fágadh amach ó chomhairle cogaidh í, áit a ndearna na ceannairí cinneadh fanacht le haghaidh trúpaí athneartaithe sular thug siad faoi ghníomh ar bith eile. Gan aon aird ar an gcinneadh seo, bhí sí leagtha amach ar an bpríomhdhaingean Sasanach, “les Tourelles”, a ionsaí an 7 Bealtaine. D’aithin lucht a linne í mar bhanlaoch an chomhraic tar éis gur goineadh le saighead sa mhuineál í ach fós féin d’fhill sí chun bheith chun tosaigh sa treasruathar deireanach.

Mar thoradh ar an mbua tobann ag Orléans bhí mórán moltaí le haghaidh comhrac ionsaitheach. Bhí na Sasanaigh ag súil go ndéanfaí iarracht Páras a aisghabháil nó go ndéanfaí ionsaí ar an Normainn. I ndiaidh an bhua nach rabhthas ag súil leis, d’áitigh sí Séarlas VII comhcheannas ar an arm a thabhairt di in éineacht leis an Diúc John II d'Alençon agus fuair sí cead ríoga droichid feadh an Loire, a bhí i gcóngar, a aisghabháil mar réamhbheart ar ghluaiseacht chun tosaigh ar Reims agus ar chorónú. Ba mholadh dána é sin uaithi mar bhí Reims tuairim is dhá oiread níos faide uathu ná Páras agus é suite go domhain i limistéar an namhad.

Notre-Dame de Reims, láthair thraidisiúnta na gcorónuithe Francacha. Bhíodh spuaiceanna breise ar an bhfoirgneamh sula raibh dóiteán ann sa bhliain 1481.

D’athghabh an t-arm seilbh ar Jargeau an 12 Meitheamh, ar Meung-sur-Loire an 15 Meitheamh, agus ansin ar Beaugency an 17 Meitheamh. D’aontaigh an Diúc d’Alençon le gach ceann de chinntí Jeanne. Chuaigh a cuid éachtaí ag Orléans i bhfeidhm ar cheannasaithe eile, lena n-áirítear Jean d'Orléans, agus thug siad tacaíocht di. Chuir Alençon ina leith gur shábháil sí ar a bhás é, áit ar chuir sí ar a fhaichill é ar ionsaí airtléire a bhí ar tí tarlú. Le linn an chatha chéanna d’fhulaing sí féin buille ó chaor ordanáis dá clogad agus í ag dul suas dréimire dreapadóireachta. Tháinig fórsa faoisimh Sasanach a rabhthas ag súil leis go dtí an ceantar an 18 Meitheamh faoi cheannas Sir John Fastolf. D’fhéadfaí an cath ag Patay a chur i gcomparáid le Azincourt ach gur a mhalairt d’imeachtaí a bhí ag tarlú. Rinne urgharda na Fraince ionsaí sula bhféadfadh na saighdeoirí Sasanacha a gcuid ullmhuithe cosanta a chur i gcrích. Tharla ruaig ina dhiaidh sin a bhánaigh tromchuid arm Shasana agus maraíodh nó gabhadh formhór a cheannasaithe. D’éalaigh Fastolf le buíon bheag saighdiúirí agus bhí sé ina cheap milleáin as uirísliú na Sasanach. Níor cailleadh ach fíorbheagán de na Francaigh.

Chuir arm na Fraince chun bóthair go dtí Reims ó Gien-sur-Loire an 29 Meitheamh agus ghlac siad leis an ngéilleadh le comha d’Auxerre, cathair a bhí faoi cheannas na Burgúine, an 3 Iúil. Chuaigh gach baile mór eile ar a mbealach ar ais go géillsine na Fraince gan frithbheartaíocht. Rinne Troyes, láthair an chonartha a rinne iarracht Séarlas VII a chur as oidhreacht, géilleadh ar choinníollacha tar éis léigear gan bhás a mhair ceithre lá. Bhí gannchúis bhia ar an arm faoin am a shroich siad Troyes. Dar le Edward Lucie-Smith is é seo a leanas sampla den fháth a raibh níos mó áidh uirthi ná oilteacht: bhí bráthair fánach darbh ainm an Bráthair Richard tar éis a bheith ag seanmóireacht ag Troyes faoi dheireadh an domhain agus chuir sé ina luí ar chónaitheoirí áitiúla pónairí a chur, barr a dhéanann fómhar luath. Tháinig an t-arm ocrach nuair a bhí na pónairí ag aibiú.

Osclaíodh na geataí ag Reims an 16 Iúil. Reáchtáladh an corónú an mhaidin arna mhárach. Cé gur thathantaigh Jeanne agus an diúc d'Alençon go dtabharfaí faoi mháirseáil luath ar Pháras, choinnigh an chúirt ríoga ar shos cogaidh a idirbheartú le diúc na Burgúine. Bhris an Diúc Philippe le Bon an comhaontú, ag baint úsáide as mar oirbheartaíocht loicthe chun cosaint Pháras a athneartú. Chuaigh arm na Fraince ag máirseáil trí bhailte móra gar do Pháras idir an dá linn agus ghlac siad le géillte a bhí níos síochánta. Bhí an Diúc de Bedford i gceannas ar fhórsa Sasanach agus thug sé aghaidh ar arm na Fraince an 15 Lúnasa. Tharla an t-ionsaí Francach ag Páras ina dhiaidh sin, an 8 Meán Fómhair. In ainneoin goin a fháil ina cois ó shaighead crosbhogha, lean Jeanne léi a bheith ag stiúradh na dtrúpaí go dtí go raibh deireadh le troid an lae. Fuair sí ordú ríoga an mhaidin dár gcionn tabhairt ar gcúl. Cuireann formhór na staraithe an milleán ar an ard-seomairlín Francach, Georges de la Trémoille, as na botúin pholaitiúla a tháinig i ndiaidh an chorónaithe.

An Ghabháil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaoitear túr Jeanne d’Arc anois ar an túr in Rouen inar coinníodh i ngéibheann í le linn a trialach. Le linn ceann amháin dá hiarrachtaí éalaithe, léim sí ó thúr eile, seans maith gur macasamhail den fhoirgneamh seo a bhí i gceist.

Tar éis mionghnímh ag La-Charité-sur-Loire i mí na Samhna agus mí na Nollag, chuaigh Jeanne go dtí Compiègne an tAibreán ina dhiaidh sin chun cosaint ar léigear Sasanach agus Burgúnach. Gabhadh í tar éis scirmise an 23 Bealtaine 1430. Nuair a d’ordaigh sí cúlú, ghlac sí an áit onóra agus í ina duine deireanach a d’fhág an pháirc. Tháinig na Burgúnaigh timpeall ar an gcúlgharda.

Ba ghnách le teaghlach an té a bhí i ngéibhinn príosúnach cogaidh a fhuascailt. Faraor, ní raibh na hacmhainní airgeadais ag Jeanne ná a teaghlach. Cáineann mórán staraithe Rí Shéarlas VII toisc nach ndearna sé aon rud faoi. Rinne sí iarracht éalú ag amanna éagsúla. Uair amháin léim sí óna túr in Vermandois, a bhí 70 troigh (21m) ar airde, go dtí an talamh bog de mhóta tirim. Ina dhiaidh sin, rinneadh í a aistriú go dtí an baile Burgúnach, Arras. Sa deireadh cheannaigh rialtas Shasana í ó Dhiúc Phillippe den Bhurgúin. Ghlac an tEaspag Pierre Cauchon de Beauvais, páirtíneach Sasanach, príomhról san idirbheartaíocht seo agus ina triail ina dhiaidh sin.

An Triail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad cúrsaí polaitíochta a spreag an triail eiriceachta. D’éiligh Diúc Bedford coróin na Fraince dá nia, Anraí VI. Bhí sise freagrach as an gcorónú iomaíochta, mar sin b’ionann í a cháineadh agus an bonn a bhaint ó dhlisteanacht a rí. Cuireadh tús le himeachtaí dlí an 9 Eanáir 1431 ag Rouen, ionad rialtas forghabhála Shasana. Ba neamhghnách an nós imeachta ar go leor bealaí. Sa bhliain 1456, d'fhógair an Pápa Callixtus III neamhchiontach í maidir leis na cúisimh eiriceachta a cuireadh ina leith.

Jeanne á ceistiú ina cillín príosúin ag an gcairdinéal de Winchester. Le Hippolyte Delaroche, 1824, Musée des Beaux-Arts, Rouen, an Fhrainc.

Le hachoimre a dhéanamh ar chuid de na mórfhadhbanna, ba chumadóireacht dlí é an limistéar údaráis a bhí ag an mbreitheamh, an tEaspag Cauchon. Bhain a cheapachán lena thacaíocht pháirtíneach do rialtas Shasana a mhaoinigh an triail ar fad. Níor éirigh le nótaire cléiriúil, Nicholas Bailly, a údaraíodh le fianaise a bhailiú i gcoinne Jeanne, teacht ar aon fhianaise dhiúltach. Gan fianaise den sórt sin ní raibh cúiseanna ag an gcúirt í a thabhairt chun trialach. Osclaíodh triail pé scéal é agus bhris an chúirt dlí eaglasta chomh maith toisc go raibh siad ag coinneáil a cirt uaithi comhairleoir dlí a bheith aici. Nuair a osclaíodh an chéad scrúdú poiblí rinne Jeanne gearán go raibh gach duine a bhí i láthair ina bpáirtínigh ina coinne agus d’iarr sí go dtabharfaí cuireadh do “lucht eaglasta ar thaobh na Fraince”.

Léiríonn taifead na trialach an intleacht shuntasach a bhí aici. Is cleachtadh caolchúise é an malartú is cáiliúla den athscríbhinn. “Nuair a fiafraíodh di an raibh a fhios aici go raibh sí i ngrásta Dé, d’fhreagair sí: ‘Mura bhfuilim, go gcuire Dia ann mé; agus má táim, go gcoimeáda Dia amhlaidh mé.’” Is sáinn léinn í an cheist. Dar le foirceadal eaglaise ní fhéadfadh duine ar bith a bheith cinnte go raibh siad i ngrásta Dé. Dá bhfreagródh sí go dearfach, bheadh sí á ciontú féin in eiriceacht. Dá bhfreagródh sí go diúltach, bheadh sí ag admháil go raibh sí féin ciontach. Thug an nótaire Boisguillaume fianaise ina dhiaidh sin gur chomh luath agus a chuala an chúirt an freagra sin, “Cuireadh mearbhall ar na daoine a bhí á ceistiú.” San fhichiú haois mheas George Bernard Shaw go raibh an t-idirphlé seo chomh héifeachtach sin gur chuir sé aistriúcháin liteartha ar an taifead trialach i gcodanna dá dhráma Saint Joan.

Dhearbhaigh go leor feidhmeannach cúirte ina dhiaidh sin gur athraíodh codanna suntasacha den athscríbhinn ina mífhabhar. Cuireadh d’iallach ar mhórán de na cléirigh bheith i seirbhís, an cúistiúnaí, Jean LeMaitre, ina measc, agus fuair cuid acu bagairtí báis ó na Sasanaigh. Faoi threoirlínte Cúistiúnacha, ba cheart go mbeadh Jeanne coinnithe i bpríosún eaglasta faoi mhaoirseacht banghardaí (i.e. mná rialta). In ionad sin, choinnigh na Sasanaigh i bpríosún tuata í lena gcuid saighdiúirí féin mar ghardaí uirthi. Dhiúltaigh an tEaspag Cauchon na hachomhairc a rinne Jeanne chuig Comhairle Basel agus chuig an bpápa, rud ba cheart stop a chur lena nós imeachta.

Tá dhá alt déag cúisimh ann a thugann achoimre ar chinneadh na cúirte. Déanann an hailt seo an taifead cúirte, a rinneadh a leasú cheana féin, a bhréagnú. Shínigh an cosantóir neamhliteartha doiciméad séanta nár thuig sí agus í faoi bhagairt básaithe ar an toirt. Chuir an chúirt séanadh difriúil sa taifead oifigiúil.

Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba chion báis é eiriceacht nuair a rinneadh athuair é. Thoiligh Jeanne éadach ban a chaitheamh nuair a shéan sí. Cúpla lá ina dhiaidh sin rinneadh ionsaí gnéasach uirthi i bpríosún. Chuaigh sí ar ais go feisteas fir mar chosaint ar ainteagmháil nó, i bhfianaise Jean Massieu, mar gur goideadh a gúna agus nach raibh aon rud eile le caitheamh aici.

Rinne finnéithe súl cur síos ar láthair an bhásaithe inar dódh í an 30 Bealtaine 1431. Ceangailte de philéar ard sa Vieux-Marche in Rouen, d’iarr sí ar bheirt den chléir, an tAth. Martin Ladvenu agus an tAth. Isambart de la Pierre, greim a bhreith ar chros os a comhair amach. Rinne tuathánach cros bheag di chomh maith agus chuir sí chun tosaigh ina gúna í. Tar éis di dul in éag, rinne na Sasanaigh an gual a rácáil chun a colainn ghualaithe a nochtadh ionas nach ndéarfadh aon duine gur éalaigh sí beo. Ansin, dódh an cholainn faoi dhó arís chun luaith a dhéanamh di d'fhonn nach mbaileofaí aon chuid de na taisí. Chaith siad a taisí isteach sa Seine. Ina dhiaidh sin dúirt an céastúnach, Geoffrey Therage “...go raibh an-eagla air go ndamnófaí é.”

Atriail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh atriail iarbháis nuair a bhí an cogadh críochnaithe. D’údaraigh an Pápa Callixtus III an nós imeachta seo, a dtugtar an “triail neamhnithe” air chomh maith, ar iarratas ón gCúistiúnaí-Ginearálta Jean Brehal agus máthair Jeanne, Isabelle Romée. B’é aidhm na trialach imscrúdú a dhéanamh ar an mbealach a láimhseáladh an triail daorbhreithe agus a breithiúnas, i.e. an ndearnadh go cóir iad agus de réir dlí canónta. Cuireadh tús leis na himscrúduithe le hionchoisne ag an eaglaiseach Guillaume Bouille. Rinne Brehal imscrúdú sa bhliain 1452. Bhí achomharc foirmiúil ann i mí na Samhna, 1455. Bhí páirt ag cléirigh ó áiteanna ar fud na hEorpa sa phróiseas achomharcach agus rinne sé gnáthnós imeachta cúirte a chomhall. Rinne painéal de dhiagairí anailís ar fhianaise a thug 115 finné. Rinne Brehal a achoimre dheireanach a dhréachtadh i mí an Mheithimh, 1456. Déanann an achoimre seo cur síos ar Jeanne mar mhairtíreach agus luann sé ainm Pierre Cauchon, nach maireann, le heiriceacht as bean neamhchiontach a chiontú ar lorg fíoch bunaidh tuata. D’fhógair an chúirt neamhchiontach í an 7 Iúil 1456.

Éadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jeanne ag corónú Shéarlas VII, le Jean Auguste Dominique Ingres (1854); is sampla an pictiúr seo d’iarrachtaí a rinneadh chun Jeanne d’Arc a léiriú mar bhean. Tabhair faoi deara an ghruaig fhada agus an sciorta timpeall na cathéide.

Chaith Jeanne d’Arc éadach fir ón am a d’fhág sí Vaucouleurs go dtí am a séanta in Rouen. Dá bharr seo, tháinig ceisteanna diaga chun cinn ina ré féin agus tháinig ceisteanna eile chun cinn freisin san fhichiú haois. Dlí bíobalta éadaigh an chúis theicniúil a bhí lena bású. Rinne an triail neamhnithe an ciontú a fhreaschur i bpáirt mar gur theip ar an imeacht daorbhreithe na heisceachtaí foirceadlacha i leith an diancheangail sin a bhreithniú.

Ó thaobh foirceadail de, bhí cead aici í féin a ghléasadh mar ghiolla le linn aistir trí réigiúin neamhchairdiúla agus bhí cead aici cathéide a chaitheamh le linn catha freisin. Dar leis an Chronique de la Pucelle chuidigh seo le cosc a chur ar an ainteagmháil nuair a bhíodh sí i gcampa sa pháirc. Dhearbhaigh cléir a thug fianaise ag a triail gur lean sí ag caitheamh éadach fir agus í i bpríosún ar mhaithe leis an ainteagmháil agus an éigniú a chosc. Cúis inchosanta eile a bhí leis an trasghléasadh ná a geanmaíocht a chaomhnú: chuirfeadh a feisteas moill ar ionsaitheoir agus, ina theannta sin, ba lú an seans go mbreathnódh fir uirthi mar ábhar gnéis agus í gléasta mar sin.

Dhírigh sí aird na cúirte ar fhiosrúchán Poitiers nuair a ceistíodh í faoin ábhar le linn a trialach daorbhreithe. Níl cuntas Poitiers ann a thuilleadh ach tugann cúinsí le tuiscint gur thacaigh cléirigh Poitiers lena nós. I bhfocail eile, bhí misean aici obair fir a dhéanamh agus, dá bharr sin, ba chuí í a bheith gléasta mar fhear. Choimeád sí a cuid gruaige gearr le linn a feachtais mhíleata agus fad agus a bhí sí i bpríosún chomh maith. Thacaigh a lucht leanúna – an diagaire Jean Gerson ina measc - léi maidir lena stíl gruaige, mar a rinne an Cúistiúnaí Brehal le linn na trialach Athshlánaithe.

Físeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jeanne d’Arc, le Eugene Thirion (1876). Ba mhinic tionchar a bheith ag an bpolaitíocht ar íomhánna den 19ú haois dhéanach. Dílsiú críocha Francacha don Ghearmáin sa bhliain 1871 ba chúis leis seo. (Chautou, Séipéal Notre Dame).

Tá físeanna reiligiúnacha Jeanne d’Arc ina n-údar suime do chuid mhór daoine. Tá scoláirí ar aon intinn i gcoitinne go raibh sí dáiríre faoina creideamh. Dhearbhaigh sí gurbh iad Naomh Maighréad, Naomh Caitríona agus Naomh Micheál foinse a taibhreamh. Tá na hainmneacha céanna ar naoimh éagsúla áfach agus níltear ar aon intinn cé acu díobh go díreach a bhí i gceist ag Jeanne. Measann Caitlicigh áirithe gurbh é a bhí sna físeanna ná tinfeadh Dé.

Is deacair a físeanna a anailísiú i gceart mar is é an t-aon fhoinse faisnéise ar an ábhar seo ná athscríbhinn na trialach daorbhreithe. Léiríonn an athscríbhinn seo gur dhiúltaigh sí cloí leis an ngnáthnós imeachta cúirte faoi mhionn finné agus dhiúltaigh sí go sonrach gach ceist faoina físeanna a fhreagairt. Ba é an gearán a bhí aici maidir leis seo ná go dtiocfadh gnáthmhionn finné salach ar mhionn a bhí tugtha aici cheana féin gan labhairt faoi ócáidí ar ar bhuail sí lena rí. Ní fios cé chomh hiontaofa agus atá athscríbhinn na trialach daorbhreithe. B’fhéidir nach bhfuil inti ach cuntas bréige de chuid oifigigh mhímhacánta chúirte nó cuntas bréige Jeanne d’Arc féin ar mhaithe le rúin stáit a chosaint. Seachnaíonn roinnt staraithe tuairimíocht faoi na físeanna; dar leo, ní hiad ceisteanna faoi bhunús a físeanna an rud is tábhachtaí ach an creideamh go raibh gairm ó Dhia le comhlíonadh aici. Tugann doiciméid óna ré féin le tuiscint i gcoitinne gur dhuine slánchéillí í ag a raibh an tsláinte go maith agus déanann staraithe roimh an bhfichiú haois talamh slán de sin chomh maith. Fadhbanna síciatracha nó néareolaíocha ba chúis lena físeanna dar le roinnt scoláirí ar na saolta deireanacha seo. Dúradh go mb’fhéidir go raibh titimeas, méigrim, eitinn nó scitsifréine ag gabháil di. Níltear ar aon intinn maidir leis na fáthmheasanna ceaptha áfach; comharthaí siondróm éagsúil iad siabhránacht agus díograis reiligiúnach ach léiríonn fíricí eile a bhaineann le saol Jeanne nach raibh comharthaí tréitheacha eile na siondróm seo aici. Is mar seo a chuireann beirt saineolaithe a bhfuil anailís déanta acu ar hipitéis faoi thiúbarclóma mhaothán na huisinne san Iris Neuropsychobiology an drochamhras atá acu in iúl:

“Is deacair teacht ar chonclúidí críochnaitheacha ach ní dócha go raibh eitinn fhorleathan, galar tromchúiseach, ag gabháil don ‘othar’ seo; dá mbeadh galar den sórt sin ag gabháil di, is cinnte go mbeadh uirthi stíl dhifriúil mhaireachtála a bheith aici ná mar a bhí agus ní bheadh sí in ann tabhairt faoi na gníomhaíochtaí ina raibh sí páirteach.”

Tá teoiric eile den nós sin ann a dhearbhaigh gur tholg sí eitinn bhuaibheach tar éis di bainne nach raibh paistéartha a ól. Mar fhreagairt air seo, scríobh Régine Pernoud, staraí, gur chóir do Rialtas na Fraince bac a chur le paistéaradh bainne dá mbeadh tairbhí dá leithéid le baint ag an náisiún as bainne nach raibh paistéartha. Is é a deir Ralph Hoffman, ollamh síceolaíochta in Ollscoil Yale, maidir le staideanna físeacha nó cruthaitheacha - lena n-áirítear glórtha a bheith á gcloisteáil – nach gá gur comharthaí de ghalar intinne iad. Ní luann sé aon chúiseanna eile leis na staideanna seo áfach. Dúirt sé gur féidir gurb eisceacht í inspioráid reiligiúnach Jeanne.

Ba dheacair muinín a bheith ag duine as teoiric a dhearbhódh go raibh scitsifréine ag gabháil di dá gcuirfí san áireamh nár dhócha go mbeadh mórán measa ar aon duine a mbeadh an galar sin ag gabháil dó i gcúirt Rí Shéarlas VII. Charles le Fou (Séarlas, an Ghealt) an leasainm a bhí ar a athair féin, Séarlas VI. Bhíodh babhtaí gealtachta aige siúd agus in amanna bhíodh folús cumhachta sa Fhrainc dá bharr. Ba é seo ba chúis le cuid mhór den mheath míleata agus polaitiúil a tháinig ar an tír le linn a réimis. Chreid an rí roimhe sin gur déanta as gloine a bhí sé. Bhí a fhios ag gach cúirteoir nárbh í inspioráid reiligiúnach ba chúis leis an mearbhall seo. Bhíothas eaglach go mbeadh na babhtaí gealtachta céanna ag Rí Shéarlas VII agus b’fhéidir gur bhain an eagla seo le hábhar san iarracht a rinneadh in Troyes chun é a chur as oidhreacht. Bhí an stiogma seo chomh dianseasmhach sin gur cheap daoine den ghlúin a tháinig ina dhiaidh sin gurbh í an ghealtacht a bhí ann ó dhúchas ba chúis leis an gcliseadh néarógach a d’fhulaing Anraí VI, Rí Shasana, sa bhliain 1453. Ba nia le Séarlas VII é Anraí VI agus ba gharmhac le Séarlas VI é. Nuair a shroich sí Chinon, ba é a d’fhógair Jacques Gélu, an comhairleoir ríoga, ná:

“Níor chóir aon bheartas a athrú mar thoradh ar chomhrá le cailín - tuathánach..a mhealltar chomh héasca sin le seachmaill - gan dianmhacnamh a dhéanamh; níor chóir bheith i do cheap magaidh os comhair tíortha eile...”

Rud atá ag teacht salach ar steiréitíopaí nua-aimseartha faoin Meánaois, bhí cúirt Shéarlas VII géarchúiseach agus sceiptiúil maidir le sláinte intinne.

Tugann gníomhaíochtaí fisiceacha a gairme míleata le tuiscint gur mícheart iad cuid mhór de na hipitéisí leighis atá ann. Ní raibh an lagú cognaíoch ag Jeanne d’Arc a mbeifeá ag súil leis i gcás roinnt mórthinneas intinne nuair a bhíonn comharthaí ann. Ba dhuine géarchúiseach í go deireadh a saoil agus ba mhinic a clisteacht a bheith ina húdar iontais sa chuntas atá ann ar a triail athshlánaithe:

“Ba mhinic a chas siad ó cheist amháin go ceist eile, iad ag athrú na gceisteanna de shíor, ach in ainneoin seo, d’fhreagair sí go héirimiúil agus b’iontach an chuimhne a thaispeáin sí.”

Toisc na freagraí caolchúiseacha a thug sí agus í á ceistiú bhí ar an gcúirt stop a chur le seisiúin phoiblí. Dá mbeadh bunús leighis nó síciatrach lena físeanna bheadh sí ina cás eisceachtúil.

Leagáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athshlánú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Philippe-Alexandre Le Brun de Charmettes an chéad staraí a scríobh stair iomlán Jeanne d’Arc in 1817. Iarracht a bhí ann bata agus bóthar a thabhairt don cháil a bhí aici mar eiriceach atite. Sa tráth a bhí suim á léiriú aige in Jeanne bhí an Fhrainc fós ag iarraidh an t-aitheantas nua a bhí aici tar éis na Réabhlóide agus cogaidh Napoleon a dheimhniú. Bhí laochra neamhchonspóideacha ag teastáil a bheadh ag teacht leis an éiteas náisiúnta. Ba shiombail inghlactha do na monarcaithe í Jeanne d’Arc mar ba mhór a thacaigh sí leis an Rí agus an tír. Mar thírghráthóir agus iníon tuathanach, measadh í a bheith ina dea-shampla d’óglaigh na hísealaicme (na soldats de l'an II) a throid go buach ar son na réabhlóide sa Fhrainc in 1802. Dá bharr sin, bheadh na Réabhlóidigh in ann a mhaíomh gur dhuine dá gcuid í Jeanne. Mar mhairtíreach reiligiúnach, ba dhuine í a raibh meas mór uirthi i measc an phobail Chaitlicigh freisin. Ba é a bhí san Orleanide le De Charmette, atá ligthe i ndearmad sa lá atá inniu ann den chuid is mó, ná iarracht eile chun an t-éiteas náisiúnta a chur chun cinn mar a rinne scríbhneoirí ar nós Virgil (an Aeneid), nó Camoens (an Lusiad) ar son na Róimhe agus na Portaingéile.

Loisceadh ag an stáca í ar an 30 Bealtaine 1431,  

Cogadh an Chéad Bliain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean Cogadh an Chéad Bliain ar feadh 22 bliain i ndiaidh a báis. D’éirigh le Séarlas VII coróin na Fraince a choimeád in ainneoin go raibh corónú eile ann d’Anraí VI i mí na Nollag 1431; bhí Anraí VI ina bhuachaill óg, deich mbliana d’aois ag an am agus bhí an corónú ann ar a bhreithlá. Chaill Sasana a cheannaireacht mhíleata agus a chór boghanna fada sa bhliain 1429. Sula raibh an tír in ann iad a chur le chéile arís, chaill sí an comhaontas a bhí aici leis an mBurgúin nuair a rinneadh Conradh Arras in 1435. Bhásaigh an diúc de Bedford an bhliain chéanna agus chuaigh Anraí VI i gcoróin. Ba eisean an Rí ab óige ar Shasana gan leasrí a bheith aige. Ba lag an Rí é ó thaobh ceannaireachta de. Ba iad seo na cúiseanna ba mhó a chuir deireadh leis an gcoimhlint. Áitíonn Kelly DeVries go raibh tionchar ag an úsáid a bhain Jeanne d’Arc as airtléire agus as ionsaithe tosaigh ar oirbheartaíochtaí Francacha sa chuid eile den chogadh.

Bhí Jeanne d’Arc ina carachtar finscéalach de shaghas ar feadh na gceithre chéad a tháinig ina dhiaidh sin. Ba iad croinicí na príomhfhoinsí faisnéise fúithi. Thángthas ar chúig lámhscríbhinn bhunaidh a bhain lena triail daorbhreithe i measc sean-aircíví sa 19ú haois. Níorbh fhada gur tháinig staraithe ar na doiciméid go léir a bhain lena triail athshlánaithe chomh maith. Bhí fianaise faoi mhionn ó 115 finné ann mar aon leis na nótaí Francacha bunaidh d'athscríbhinn Laidine na trialach daorbhreithe. Tháinig litreacha comhaimseartha éagsúla chun solais freisin. Tá an síniú “Jehanne” ar thrí cinn acu sin agus is léir uathu siúd nach raibh taithí aici maidir le bheith ag scríobh. Is de bharr an tsaibhris d’ábhar bunfhoinse seo atá le fáil a dhearbhaíonn DeVries: “Níl duine ar bith de chuid na Meánaoise, fireann nó baineann, is mó a bhfuil staidéar déanta air.”

Dheachtaigh sí a cuid litreacha. Tá a síniú ar thrí cinn acu a tháinig slán.

Ba as sráidbhaile gan iomrá í Jeanne d’Arc agus bhí aithne i bhfad is i gcéin uirthi nuair nach raibh inti ach duine an-óg fós in ainneoin gur thuathánach gan oideachas í. Bhí sé dearbhaithe ag na ríthe Francacha agus Sasanacha go raibh an ceart acu an cogadh leanúnach a chur chun cinn. Thagair siad araon don dlí Saileach a bhí ann le míle bliain chun údar a thabhairt dá seasaimh agus ba dhifriúil an léirmhíniú a bhí acu ar an dlí sin. Achrann oidhreachta idir ríthe ba chúis leis an gcoimhlint. Rinne sí achomhairc a threisiú; cuir i gcás comharc scuibhéir Jean de Metz nuair a d'fhiafraigh sé: “Ar cheart an rí a dhíbirt ón ríocht; agus ar chóir dúinn bheith inár Sasanaigh?” Mar a dúirt Stephen Richey, “Ní raibh ann ar dtús ach scansáil leadránach idir ríthe nár tharraing suim phobail a bhí gafa lena mbochtanas féin. Ba í Jeanne d’Arc a chas an scansáil seo ina cogadh pobail arbh é an cuspóir a bhí leis ná saoirse náisiúnta a bhaint amach.” Cuireann Richey in iúl chomh mór agus a bhí sí i mbéal daoine sna blianta ina dhiaidh sin:

Séipéal Saint-Pierre de La Selle-en-Coglès

“B’iomaí caoi ar chuir na daoine a tháinig ina diaidh síos uirthi ó bhásaigh sí cúig chéad ó shin: deamhanta, fanaiceach, misteach spioradálta, duine soineanta a ndearna an lucht ceannais buntáiste a bhreith uirthi go tragóideach, an duine a chuir tús leis an náisiúnachas nua-aimseartha agus laoch dá chuid, banlaoch a bhfuil ardmheas uirthi, naomh. D’áitigh sí, fiú nuair a bagraíodh go ndéanfaí í a chéasadh agus nuair a bhíothas chun í a chur chun báis le tine, gurbh iad glórtha ó Dhia a bhí á stiúradh. Cibé acu gurbh ann do ghlórtha nó nárbh ann, cuireann a scéal iontas ollmhór ar gach duine a bhfuil cur amach aige air.”

Sa bhliain 1452, le linn an imscrúdaithe i leith a básaithe a rinneadh i ndiaidh an chogaidh, d’fhógair an Eaglais go measfaí dráma reiligiúnach ina ómós in Orléans a bheith ina oilithreacht a thuillfeadh logha. Ba shiombail í ar an Léig Chaitliceach san 16ú haois. Ba é Moinsíneoir Felix Dupanloup, Easpag Orléans ó 1849 go 1878, a chuir tús leis an bhfeachtas go n-ainmneofaí Jeanne mar dhuine beannaithe. Bhásaigh sé sular tharla sin áfach.

Ar deireadh, ainmníodh Jeanne d’Arc mar dhuine beannaithe sa bhliain 1909. Tharla seo díreach tar éis an dlí Francaigh a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1905 chun na heaglaisí agus an Stát a dheighilt óna chéile. Measadh ag an am gur bhuille tubaiste é an dlí seo don Eaglais Chaitliceach sa Fhrainc. Ainmníodh mar naomh í ar an 16 Bealtaine 1920. Is ar an 30 Bealtaine atá a lá féile. Agus í ina Naomh Jeanne d’Arc, tá sí ar dhuine de na naoimh is mó le rá san Eaglais Chaitliceach.

Níorbh fheiminí í Jeanne d’Arc. Bhain sí le traidisiún reiligiúnach a chreid gurbh fhéidir gairm ó Dhia a bheith ag duine ar leith is cuma cén cúlra sóisialta a bhí aige. Dhíbir sí mná ón arm Francach agus is féidir gur bhuail sí leantóir ceanndána campa amháin a bhí ag cur isteach uirthi sa champa leis an taobh cothrom de chlaíomh. In ainneoin sin, ba mhná iad a thug an cúnamh ba thábhachtaí di. Dhearbhaigh Yolande d’Aragon, máthair chéile Rí Shéarlas VII gur mhaighdean í Jeanne d’Arc agus mhaoinigh sí í nuair a d’fhág Jeanne chun dul go Orléans. Bhí Jeanne d’Arc faoi choimeád ag Jeanne de Lucsamburg, aintín le cunta Lucsamburg, i ndiaidh Compiégne. Bhí coiníollacha maireachtála níos fearr ansin aici agus í faoi choimeád agus is féidir gur chuir Jeanne de Lucsamburg moill ar í a thabhairt do na Sasanaigh. Ar deireadh, d’fhógair Anne den Bhurgúin (an bandiúc Bedford agus bean chéile leasrí Shasana) gur mhaighdean í Jeanne. D’fhógair sí í seo le linn fiosrúchán a cuireadh ar bun roimh an triail. Dá bharr sin, ar chúiseanna teicniúla ní raibh an chúirt in ann diabhlaíocht a chur ina leith. Faoi dheireadh, chuidigh sé seo chun í a ghlanadh ó chúis agus chun naomhacht a bhaint amach. Ó aimsir Christine de Pizan go dtí an lá atá inniu ann, aithníonn mná í mar dhea-shampa de bhean chrógach agus ghníomhach.

Bratach rialtas Charles de Gaulle a bhí ar deoraíocht le linn an Dara Cogadh Domhanda. D'úsáid Frithbheartaíocht na Fraince cros Lorraine mar thagairt shiombalach do Jeanne d'Arc.

Is siombail pholaitiúil í Jeanne d'Arc sa Fhrainc ó aimsir Napoleon. Dhírigh liobrálaithe aird ar an gcúlra sóisialta umhal ónar shíolraigh sí. Leag coimeádaigh luath béim ar a tacaíocht don mhonarcacht. Ba chuimhin le coimeádaigh níos déanaí a tírghrá. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhain an réimeas Vichy agus an fhrithbheartaíocht Fhrancach leas as a íomhá: I mbolscaireacht de chuid Vichy, baineadh leas as a feachtas i gcoinne na Sasanach le póstaeir a léirigh eitleáin chogaidh na Breataine i mbun Rouen a bhuamáil, póstaeir ar teideal tuarúil dóibh: “Filleann siad de shíor ar láthair a gcoireanna.” Dhírigh an fhrithbheartaíocht aird ar a troid i gcoinne forghabháil eachtrach agus a cúlra i gcúige Lorraine, cúige a bhí tar éis titim faoi smacht na Naitsithe.

Ainmníodh trí árthach éagsúla de chuid Chabhlach na Fraince aisti, lena n-áirítear iompróir héileacaptair atá in úsáid go fóill. I láthair na huaire, reáchtálann Front National, an páirtí polaitiúil den eite fíordheis slógaí in aice lena dealbha. Bíonn a híomhá le feiceáil i bhfoilseacháin de chuid an pháirtí agus baineann siad leas as lasair bhratach trí dhath, atá ina siombail de phointe áirithe dá mairtíreacht, mar shuaitheantas ag an bpáirtí. Uaireanta, déanann céilí polaitiúla an pháirtí fonóid faoin bpáirtí as an leas siombalach sin a bhaint as íomhá Jeanne d’Arc. Bíonn lá saoire poiblí ann in ómós di sa Fhrainc ar an dara Domhnach i mí na Bealtaine.

Is siombail d’inspioráid í freisin sa Fhrainc agus in áiteanna eile do Chaitlicigh thraidisiúnaithe. Is minic a dhéanann siad comparáid idir choinnealbhá Ard-Easpag Marcel Lefebvre (bunaitheoir Chumann Naomh Pius X agus easaontóir i gcoinne athchóiriú Vatacáin II) agus a coinnealbhá féin.

Taisí líomhanta Jeanne d’Arc díchruthaithe.[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1867, thángthas ar phróca i gcógaslann i bPáras agus an méid seo scríofa air: “iarsmaí a fuarthas faoi stáca Jeanne d’Arc, maighdean d’Orléans.” Ba é a bhí sna hiarsmaí ná easna dhúloiscthe duine, adhmad carbónaithe, píosa línéadaigh agus féimear cait – bhí an nós ann cait dhubha a chaitheamh ar bhreocharn cailleach. Thug an Eaglais Chaitliceach aitheantas dóibh agus is i músaem in Chinon atá siad anois. Sa bhliain 2006, tugadh cead do Philippe Charlier, eolaí fóiréinseach in Ospidéal Raymond Poincaré (Garches), na taisí a iniúchadh. Rinneadh tástálacha Charbón-14 agus speictriméadracht ar na hiarsmaí. Léiríonn na torthaí gur as seargán Éigipteach a tháinig siad idir an séú haois agus an tríú haois roimh Chríost. Ní dó is cúis leis an gcuma dhúloiscthe atá orthu ach na substaintí balsamaithe. De réir cosúlachta, ba chuid de chomhábhair leighis de chuid na Meánaoise é an seargán agus cuireadh lipéad eile ar an bpróca tráth a bhí an náisiúnachas go mór chun cinn sa Fhrainc.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]