Mark Twain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samuel Langhorne Clemens
(Mark Twain)
Mark Twain Sarony.jpg
Dáta breithe 30 Samhain, 1835
  Florida, Missouri, SAM
Dáta báis 21 Aibreán, 1910
  Redding, Connecticut, SAM
Ainm cleite Mark Twain
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Scríbhneoir, léachtóir
Seánra Ficsean stairiúil, ficsean do pháistí, aoir, critic liteartha, srl.
Síniú
Mark Twain Signatures-2.svg
Mark Twain (1909)

Scríbhneoir Meiriceánach, óráidí poiblí, aorthóir, iriseoir, goineadóir agus fear mór nathadóireachta ab ea é Samuel Langhorne Clemens, nó Mark Twain (30 Samhain 1835 - 21 Aibreán 1910). Ba iad na húrscéalta greannmhara The Adventures of Huckleberry Finn agus The Adventures of Tom Sawyer ba mhó a thabhaigh a chlú dó, ach le fírinne, ba scríbhneoir bisiúil agus iriseoir proifisiúnta é ar tháinig a lán eile as a pheann. Deirtear inniu gurbh é Twain an chéad scríbhneoir riamh a bhain adhmad ceart as caint na ndaoine sna Stáit Aontaithe.

A Shaol[athraigh | edit source]

Saolaíodh Samuel Langhorne Clemens i bhFlorida i stát Missouri (is é sin, ní i stát Florida a rugadh é ach i sráidbhaile Florida i stát Missouri) ar an 30 Samhain 1835, ach d'aistrigh a mhuintir go Hannibal (stát Missouri) chois abhainn Mississippi nuair a bhí Sam ceithre bliana d'aois. Bhí St. Petersburg, baile dúchais Tom Sawyer agus Huck Finn in úrscéalta Mark Twain, bunaithe ar Hannibal.

Fuair athair Sam bás le niúmóine nuair a bhí an buachaill aon bhliain déag d'aois. Bliain ina dhiaidh sin fuair sé fostú ina phrintíseach clódóra. Sa bhliain 1851, thosaigh sé ag obair ina chlóchuradóir do nuachtán a dhearthár Orion Clemens, an Hannibal Journal, agus d'fhoilsigh sé ailt ar an nuachtán ó am go ham.

Nuair a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois, d'fhág sé Hannibal le seal a chaitheamh ag clódóireacht in áiteanna eile, ar nós Nua-Eabhrac, Cincinnati, agus Philadelphia. Chaitheadh sé cuid mhór dá am saor sna leabharlanna poiblí ag tarraingt oideachais chuige féin. D'fhill sé abhaile nuair a bhí sé dhá bhliain is fiche d'aois.

Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag foghlaim cheird an phíolóta ar longa móra na habhann, agus bhain sé amach a chuid dintiúr sa bhliain 1859. Mheall sé a dheartháir, Henry, chuig an gceird chéanna, ach, ar mhí-ámharaí an tsaoil, fuair Henry bás nuair a phléasc an galinneall ar bhord a loinge, ar an 21 Meitheamh 1858. Bhí Mark Twain á mhilleánú féin faoi bhás a dhearthár go lá a bháis féin, ní nach ionadh.

Shaothraigh Sam óg a chuid ag píolótaíocht long go dtí gur thosaigh cogadh cathartha na Stát Aontaithe sa bhliain 1861. Ansin, cuireadh srianta leis an loingseoireacht abhann, agus b'éigean do mo dhuine éirí as an gceird. Ar dtús, chaith sé dhá sheachtain ina óglach ag troid ar son an Deiscirt mar dhea, ach ansin, thréig sé an feachtas sin agus lean sé a dheartháir go dtí Nevada, áit a raibh post faighte ag Orion ina rúnaí do ghobharnóir na críche (ní raibh Nevada ina stát go fóill). Chaith Sam agus Orion dhá sheachtain ag taisteal i gcóiste na litreach, agus spreag an turas fada seo Sam chun iriseoireachta. Tá na leabhair Roughing It agus The Celebrated Jumping Frog of Calaveras County bunaithe ar eachtraí Sam sa tréimhse seo dá shaol.

Shocraigh Sam Clemens faoi i Virginia City, Nevada, agus bhain sé triail as saol an mhianadóra ansin. Ní raibh mórán maithe ann ag mianadóireacht, ach fuair sé post ag an nuachtán áitiúil, an Territorial Enterprise. Ansin a bhaist sé "Mark Twain" air féin freisin. Fuair sé an t-ainm seo ó theanga na loingseoireachta, nó is ionann mark twain agus marc a dó, is é sin, doimhneacht dhá fheá.

Sa bhliain 1864, chuaigh Mark Twain go San Francisco, agus casadh scríbhneoirí óga eile air ansin, ar nós Bret Harte nó Artemus Ward. Is féidir go raibh cumann grá éigin aige leis an mbanfhile óg Ina Coolbrith. Faoin am sin a bhain Twain amach an chéad chlú, nó foilsíodh an scéal The Celebrated Jumping Frog of Calaveras County ar an 18 Samhain 1865 ar an New York Saturday Press. An bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé go dtí Oileáin Sandwich (inniu, Haváí), agus scríobh sé scéalta taistil faoi na hoileáin a thabhaigh tuilleadh clú dó mar scríbhneoir.

Sa bhliain 1867, mhaoinigh nuachtán áitiúil cuairt ar thíortha na Meánmhara dó. Ar an turas seo a bhreac sé síos sraith de litreacha taistil a foilsíodh faoi chlúdach leabhair faoin teideal The Innocents Abroad. Ansin a fuair sé aithne ar Mheiriceánach óg darbh ainm Charles Langdon, agus nuair a thaispeáin Charles pictiúr a dheirféar Olivia (Livy) dó, thit Twain i ngrá leis an gcailín ar an toirt.