Jean Charest

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jean Charest

Polaiteoir Ceanadach agus 29ú príomh-aire Chúige Québec i gCeanada is ea John James “Jean” Charest (a rugadh ar 24 Meitheamh 1958). Bhí sé ina leas-phríomh-aire ar Cheanada ar feadh tamaill sa bhliain 1993. Ceannaire an Pháirtí Forásach Choimeádach Cheanada a bhí ann ó 1993 go 1998, agus tá sé ina cheannaire ar Pháirtí Liobrálach Québec ó shin.

Rugadh Charest in Sherbrooke i gceantar “na mBailte Fearainn Thoir”, nó Istrie, mar a thugtar ar an gceantar sin (a bheag nó a mhór) go hoifigiúil anois. Ba de shliocht Éireannach a mháthair, Rita (Née Leonard) agus de shliocht Francach a athair, Claude “Red” Charest. Fuair sé céim dlí ó Ollscoil Sherbrooke agus glaodh chun Bharra Québec (Barreau du Québec) sa bhliain 1981. Phós sé Michèle Dionne ar 21ú Meitheamh 1958, agus tá triúr clainne acu. Tá Fraincis agus Béarla ar a thoil aige.

D’éirigh a phríomh-aireacht conspóideach sa bhliain 2012 nuair a chuir cúige Québec dlíthe diana (Bille 78) i bhfeidhm chun agóidí leanúnacha na mac léinn ollscoile in Québec a smachtú. Ar an 9 Deireadh Fómhair 2012, chaill a pháirtí sa toghchán ginearálta sa chúige sin.