Sherbrooke, Québec

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Foirgnimh thraidisiúnta i Sráid Dufferin, Sherbrooke

Cathair i ndeisceart Chúige Québec, i gCeanada, is ea Sherbrooke. Tá sé suite san áit ina dtagann na haibhneacha Saint-François agus Magog le chéile sa limistéar riaracháin (Fraincis: région administrative) Estrie. Bhí 153,384 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2009, an séú cathair is mó i gCúige Québec. Tá timpeall agus 194,555 duine i mórcheantar Sherbrooke.

Is é Sherbrooke príomhionad an gheilleagair, na polaitíochta, cúrsaí cultúir agus institiúidí de gach aon chineál in Estrie, agus mar sin Ríon na mBailecheantar Thoir a thugtaí ar an gcathair timpeall casadh na 20ú haoise. (“Na Bailecheantair Thoir” an t-ainm a thugtaí ar an gcuid sin de Québec sular cumadh an t-ainm Estrie ón bhfocal Fraincise est, nó oirthear.) Déanann 40,000 mac léinn a gcuid staidéar ag Ollscoil Sherbrooke (Úniversité de Sherbrooke) gach bliain. Oibríonn 11,000 duine ag ranna éagsúla na hollscoile. Tá ollscoil níos lú ann freisin a fhreastalaíonn ar Bhéarlóirí, mar atá Bishop's University. Tá sléibhte agus locha i gceantar Sherbrooke agus tá páirc mhór sa chathair féin darb ainm Mont-Bellevue ina ndéantar sciáil le fána sa gheimhreadh.

Bunaíodh Sherbrooke sa bhliain 1793. Dílseoirí Meiriceánacha, agus iad ar an teitheadh ón gCogadh Réabhlóideach, a chéadchuir fúthu san áit. Orthu sin bhí feirmeoir ó Schenectady, Nua-Eabhrac darbh ainm Gilbert Hyatt, fear a chuir muileann plúir ar siúl. “Hyatt’s Mills” an t-ainm a bhí ar an sráidbhaile go dtí an bhliain 1818 nuair a athbhaisteadh é in onóir Ghobharnóir Ginearálta Cheanada, Sir John Sherbrooke, ar ócáid a fhillte go Sasana. Sa bhliain 2002, cuireadh Sherbrooke agus roinnt bailte beaga le chéile le hionad riaracháin amháin a dhéanamh díobh.

As Sherbrooke do Jean Charest, príomhaire Québec, agus Conrad Black, fear gnó agus údar.

Nasc seachtrach[athraigh | edit source]