Hillary Rodham Clinton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hillary Rodham Clinton

Polaiteoir Meiriceánach is ea Hillary Rodham Clinton. Rugadh mar Hillary Diane Rodham ar 26 Deireadh Fómhair, 1947 i Chicago, Illinois. Tógadh í sa chathair sin agus in Park Ridge, Illinois, fobhaile de chuid Chicago. Den chreideamh Módhach iad a muintir.

Ba í Clinton an First Lady ón bhliain 1993 go dtí 2001 agus a fear céile, Bill Clinton, ina Uachtarán. Bhí sí ina seanadóir sóisearach ó Nua-Eabhrac ó 2001 go dtí 2009. Rinne sí iarracht ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh a fháil don toghchán uachtaránachta i mí na Samhna 2008. Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe a bhí inti ó 21 Eanáir, 2009 go dtí 1 Feabhra, 2013. Is ball den Pháirtí Daonlathach í.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]