Georg Elser

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Elser ar stampa phoist: Theastaigh uaim an cogadh a chosc.

Cumannach Gearmánach a bhí in Georg Elser (a tháinig chun saoil ar an 4 Eanáir 1903 i Hermaringen i gcóngar do Stuttgart agus a cuireadh chun báis i gcampa géibhinn Dachau ar an 9 Aibreán 1945) a d'fhéach le hAdolf Hitler a mharú le buama dá dhéantús féin i dteach tábhairne Bürgerbräukeller ("Beoirhalla na Saoránach"), München.

Saor adhmaid agus ceardaí oilte a bhí in Elser, agus chuir sé a bhuama i gcrannóg óráidíochta an bheoirhalla. Mhaidhm an buama de réir mar a bhí socraithe ag Elser, ar an 8 Samhain 1939, an lá a tháinig Hitler go München le cothrom lae Cheannairc an Bheoirhalla a dhéanamh - an iarracht mhí-ádhúil a rinne sé i Mí Samhna na bliana 1923 leis an gcumhacht a shealbhú sa Ghearmáin. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, b'éigean do Hitler an áit a fhágáil roimh ré leis an traein a cheapadh, agus tháinig sé slán sábháilte. Nuair a phléasc an buama, áfach, maraíodh ochtar daoine.