Eoiginic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar na hiarmhairtí a fheabhsaíonn dúchas an chine dhaonna (nó a dhéanann dochar dó) go fisiciúil is go hintleachtach trí oideachas, fachtóirí sóisialta, tithíocht is a leithéid. Francis Galton a chum an coincheap is an téarma i 1883. Bhí sé i gceist daoine nach raibh oiriúnach a chosc ó shíolrú, agus a mhalairt maidir le daoine a bhí oiriúnach. Tharraing gluaiseachtaí polaitiúla a raibh polasaithe mar seo acu sa Ghearmáin is na Stáit Aontaithe sa chéad chuid den 20ú céad míchlú críochnaithe uirthi. Ceistíodh an modh smaointeoireachta seo go héifeachtach i leabhair cosúil le Brave New World (Domhan Nua Dána, 1932) le Aldous Huxley, agus Nineteen Eighty-Four (Míle Naoi gCéad Ochtó Ceathair, 1949) le George Orwell.