Ealaín nua-aoiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáidtear an téarma seo ar na gluaiseachtaí forásacha san ealaín sa 19ú-20ú céad. Níltear ar aon intinn an é Goya nó Manet an chéad phéintéir nua-aoiseach, ach is cinnte gur chuir ealaíontóirí cosúil le Cézanne, Gauguin, van Gogh, Ensor is Munch i gcoinne an healaíne traidisiúnta ar bhealaí éagsúla faoi dheireadh an 19ú céad. Mar shampla, cheistigh siad péintéireacht nádúraíoch an fhigiúir, agus an pheirspictíocht mar a tuigeadh le linn na hAthbheochana í. Faoina dtionchar siúd tháinig glúin nua péintéirí chun cinn timpeall 1904-1905 i bPáras (Rouault, Matisse is Picasso) agus Dresden (Kirchner, Heckel is Schmitt-Rotluff). Shaothraigh Picasso is Braque an Ciúbachas (1906-1908), gluaiseacht a d'fhág lorg an-tábhachtach ar fud an Domhain. Dhruid grúpa an Blaue Reiter i München amach a thuilleadh fós ón aithris, agus tháinig ealaín iomlán teibí chun cinn i saothar Kandinsky is Klee. Mar shampla, i Moscó i 1917 shaothraigh Malevich ealaín theibí ar thug sé Uachtarachas uirthi. Faoi 1916 bhí gluaiseacht nihileach eile ag teacht chun cinn i Zürich, an Dadachas. Rinne an ghluaiseacht seo ionsaí ar luachanna uile na healaíne, ach chuir go suntasach go luath le smaointe na nOsréalaithe, a lainseáil a bhforógra ar na healaíona i 1924.