Peirspictíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San ealaín, aon mhodh inar féidir iomrall na doimhneachta a bhaint amach ar dhromchla leata is ea peirspictíocht.[1]

Chomh maith leis an gcóras eolaíoch aonphointe a cheap Brunelleschi timpeall 1420, bhíodh córais eile in úsáid. Tá an chuid is mó díobh bunaithe ar an bhfíoras go mbíonn cuma níos lú ar réada i gcomhréir lena bhfad ón bhféachadóir, agus go dtagann línte comhthreomhara cúlaithe le chéile ar an léaslíne ag pointe a dtugtar an pointe comhdhruidteach air.

Shaothraigh na Gréagaigh an pheirspictíocht eolaíoch mar fho-thoradh ar a staidéar ar optaic is geoiméadracht, ach ní raibh an t-eolas seo ag na hÉigiptigh.

Ba cheannródaithe ar theoiric is feidhmiú na peirspictíochta san ealaín Alberti, Uccello, Dürer is Leonardo,[2] agus scríobhadh cuid mhaith téacsleabhar ar an ábhar sa 17ú-18ú céad.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
  2. COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
  3. Hussey, Matt (2011). "Peirspictíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 514.