Domhain-cheastóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Domhain-cheastóireacht in Abu Ghraib, an Iaráic ,

Tugtar “domhain-cheastóireacht” ar theicnící ceastóireachta a bhí curtha i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí sna 1970idí. Bhain an Bhreatain leas astu sa Chéinia, sa Mhalaeisia, i mBoirneo agus áiteacha eile agus iad cáinte go géar dá bharr, agus in áiteanna eile ó shin, mar shampla in Abu Ghraib san Iaráic agus Guantanomo[1] (agus na Stáit Aontaithe i mbun).

Cás na ‘bhFear Cochaill’ sa Tuaisceart[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cúig theicníc i gceist:

  • tarraingíodh cochaill anuas ar a gcloigne,
  • fágadh gan uisce agus bia iad,
  • bhí orthu fanacht ina seasamh díreach ar feadh uaireanta an chloig srl,
  • torann mór gan staonadh a fhulaingt,
  • níor ligeadh dóibh codladh a dhéanamh, srl

Bhí "Fir na gCochall" i measc na gcéadta a ghabh Arm na Breataine nuair a tugadh isteach an t-imtheorannú sa Tuaisceart i mí Lúnasa 1971. Agus iad faoi choinneáil i mbeairic Bhaile Uí Cheallaigh i gCo Dhoire, imríodh díothú céadfach ar na fir.[2]

Cuireadh cochaill ar a gcloigne mar chuid den díothú céadfach a leanfadh lá i ndiaidh lae. Níor ceadaíodh bia, deoch ná codladh dóibh, b’éigean dóibh seasamh scartha i staid struis, i bhforchultacha nár athraíodh, cé nach raibh cead acu a dhul ag an leithreas. Nuair a thit siad buaileadh iad agus cuireadh iachall orthu seasamh arís. Seinneadh torann ard – torann bán mar a thugtar air. Caitheadh amach as héileacaptar iad, á rá leo go raibh siad ard san aer nuair a bhí an héileacaptar ar foluain gar don talamh.[3]

Ag deireadh 1971, thóg Poblacht na hÉireann cás thar ceann na bhfear in éadan na Breataine ag an Choimisiún Eorpach um Chearta an Duine.

Ba é seo an chéad uair a thóg stát amháin cás in éadan stát eile ag an Choimisiún. Rith an Bhreatain feachtas láidir in aghaidh chás na hÉireann agus dúirt an Príomh-Aire, Ted Heath i 1972 go raibh cosc oifigiúil á chur aige ar na teicnící ceastóireachta sin.

Mhaígh an Coimisiún ar dtús gurbh ionann na cúig theicníc agus céasadh. Ach rinne rialtas na Breataine achomharc ar an chinneadh.

An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg

Ar an 18 Eanáir 1978, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) nach céasadh a bhí sa drochíde i dTuaisceart Éireann, ach íde a bhí “Mídhaonna & Táireach”, de shárú ar Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[4]

Cf. Éire in aghaidh na Ríochta Aontaithe (1978) 2 EHRR 25[5][6]

B’údar mór díomá é do rialtas na hÉireann agus do na fir féin nuair a rialaigh an chúirt sin gur tugadh íde a bhí mídhaonna agus táireach ar an 14 fear ach nár chéasadh é.

Níor cúisíodh éinne den 14 as aon choir agus mhaígh siad ariamh go mba chéasadh (coir thoirmiscthe) ab ea an íde a tugadh orthu. In 2014 nocht clár teilifíse a rinne Brídóg Ni Bhuachalla agus Rita O’Reilly do RTÉ Investigates taifead oifigiúil de chuid rialtas na Breataine a léirigh gur fhaomh státrúnaithe i Londain agus aire in Stormont an ‘domhain-cheastóireacht’.[3]

Rialaigh Cúirt na nAchomharc i mBéal Feirste agus Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe gur cheart an cás a bheith fiosraithe ag an PSNI i ndiaidh an chláir sin.

Dénouement[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2019, rialaigh an Chúirt Achomharc i mBéal Feirste go raibh sé de cheart céasadh a thabhairt ar “domhain-cheastóireacht” i dtéarmaí an lae inniu.[7]

Ar 15 Nollaig 2021, rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine go raibh sé mícheart ag na póilíní sa Tuaisceart gan fiosrúchán a bhunú faoin gcaoi ar caitheadh le ceithre fhear déag ar thug Arm na Breataine drochíde dóibh sna 1970idí. Rialaigh an chúirt go raibh cinneadh na bpóilíní gan an scéal a fhiosrú bunaithe ar thuarascáil a bhí "fíorlochtach" agus nár chóir aon ghlacadh a bheith leis.[7]

I mí an Mheithimh 2023, ghabh ardchonstábla na bpóilíní sa Tuaisceart, Simon Byrne, leithscéal leis na fir.[2][3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Guantanamo Bay detention camp" (as en) (2023-06-07). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-06-13). "Leithscéal gafa ag póilíní le "Fir na gCochall" faoi dhrochíde" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 Póilín Ní Chiaráin (18 Meitheamh 2023). "Leithscéal gafa ag PSNI le Fir na gCochall ach ní leor sin amháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-18.
  4. Scoil Dlí. "breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine 1978" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-19.
  5. bailii.org (18 January 1978). "Ireland v. United Kingdom - 5310/71 [1978 ECHR 1]". 
  6. echr.coe.int (1978). "[%225310/71%22,%22itemid%22:[%22001-57506%22]} CASE OF IRELAND v. THE UNITED KINGDOM (Application no. 5310/71)]". Dáta rochtana: 2021.
  7. 7.0 7.1 Nuacht RTÉ (2021-12-15). "Cinneadh gan líomhaintí faoi chéasadh a fhiosrú "mícheart"" (as ga).