Dobharbhordáil
| Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Tagairtí? Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Is foirm chéasta é dobharbhordáil, a cuirtear i bhfeidhm tríd an t-íospartach a chur ar neamhfheidhm ar a dhroim nó droim leis an gceann claonta, agus ansin uisce a dhoirteadh thar aghaidh an duine agus isteach sna pasáistí análaithe, ag tabhairt le fios don chime go bhfuil sé nó sí ag fáil bháis.[1] Is cúis le plúchadh éigeantach agus ionanálú uisce an tuairim láidir a thagann ar an chime go bhfuil sé no sí i mbaol báite. Measann saineolaithe dlí, polaiteoirí, oifigí faisnéise ,breithiúna míleata, saineolaithe leighis i gcóireáil d'íospartaigh an chéasta, breithiúna míleata, eagraíochtaí cearta daonna, agus seansaighdiúirí , gur fhoirm an chéasta é an dobharbhordáil.
Arm na Breataine [athraigh]
Tháinig tuarascálacha chun cinn sa bhliain 2009 gur bhain Arm na Breataine úsáid as dobharbhordáil le linn diancheistithe príosúnach a bhí faoi amhras i dTuaisceart Éireann. Tá líomháint ann gur úsáideadh dobharbhordáil ó Mhárta 1972 ar aghaidh, i ndiaidh Rialtas Ted Heath teacht chun críche. Chuir an Príomh-Aire Heath cosc ag an am sin ar chúig modh eile chéasta. Dúirt iar-oifigeach na Muirshaighdiúirí Ríoga freisin go raibh dobharbhordáil triailte air agus a bhfear ag deireadh oiliúnana i bhfrith-diancheistiú i rith na 1960idí déanacha agus go luath sna 1970idí. [2]
Tagairtí [athraigh]
- ↑ Safire, William. Safire's Political Dictionary, page 795 (Oxford University Press 2008): “Waterboarding. A form of torture in which the captive is made to believe he is suffocating to death under water.”
- ↑ url=http://www.guardian.co.uk/uk/2009/dec/21/british-army-northern-ireland-interrogations%7Ctitle=British Army 'waterboarded' suspects in 70s|last=Cobain|first=Ian|date=21 December 2009|publisher=The Guardian|accessdate=22 December 2009}}