Decamerone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is leabhar le Giovanni Boccaccio é Decamerone (ón sean-Ghréigis δἐκα, déka, "deich", agus ἡμέρα, hēméra "lá") a thagraíonn don deich lá ar a bhfuil an leabhar bunaithe. Ceaptar gur scríobhadh é idir 1349 agus 1353 agus breacadh síos é in Iodáilis bunúsach.

Go bunúsach, séard atá sa leabhar ná bailiúcháin de chéad leabhar gearr. Instear dúinn faoi seachtar ban óg agus triúr stócach a bhfuil ar teitheadh ón ngalar dubh i bhFlóiréans san triú haois déag. I dteach sna chnoic réitíonn siad go ninseóidh chuile duine den deichniúr scéal gach lá den deich lá atá siad sáinithe ann. Bhí dhá lá sa bhreis acu, ceann a úsáideadh le haghaidh obair tí agus an ceann eile a bhí mar bhriseadh i gcomhair ómós a thabhairt do Dhia. Is é sin foinse an chéad scéal ar ar bhunaíodh an leabhar. De bharr an gáirsiúlacht agus in ainneoin an greann bunúsach chuireadh cosc ar an leabhar ó am go chéile i rith na céadta ó shin.

Bhí tionchar ollmhór ag an leabhar ar litríocht síos tríd na nglúnta agus deirtear mar shampla gur bhunaíodh cuid de Canterbury Tales le Geoffrey Chaucer air. Is féidir eolas cruinn a aimsiú faoin ngalar dubh agus an chaoi ar chuaigh sé i bhfeidhm ar muintir na hEorpa ag an t-am sin tríd iniúchadh géar a dhéanamh ar an leabhar.

Sé tús an leabhair ná:

Comincia il libro chiamato Decameron, cognominato Prencipe Galeotto, nel quale si contengono cento novelle in dieci dì dette da sette donne e da tre giovani uomini.