Giovanni Boccaccio
| Giovanni Boccaccio | |
| Dáta breithe | 1313 |
| An Tuscáin | |
| Dáta báis | 21 Nollaig 1375 |
| An Tuscáin | |
| Náisiúntacht | Iodálach |
| Gairm | Scríbhneoir, daonnachach, file |
| Seánra | An Renaissance Luath |
File agus scríbhneoir próis ó ré an Renaissance a bhí in Giovanni Boccaccio, a rugadh i bhFlórans sa bhliain 1313 agus a d'éag in Certaldo nó i bhFlórans ar an 21 Nollaig 1375. Is é an leabhar is mó cáil dár scríobh sé ná an Decamerone, bailiúchán gearrscéalta anghrácha, ach bhreac sé síos a lán eile freisin. Ba iad na teangacha a chleacht sé ina chuid scríbhinní ná an Laidin agus canúint na Tuscáine, as ar fáisceadh an Iodáilis mar is aithnid dúinn inniu í.
Ceannródaí prós-scríbhneoireachta a bhí ann, mar Bhoccaccio. In áit a bheith ag déanamh aithrise ar fhoirmlí agus ar chnámhscéalta réamhdhéanta, d'oibrigh sé amach plotaí dá chuid féin, agus bhí craiceann inchreidte ar a chuid carachtar nach bhfacthas a leithéidí eile i litríocht na linne. Ba iad na foirmlí stíl litríochta na Meánaoise, ach ba scríbhneoir nua-aimseartha é Boccaccio.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.