Giotto di Bondone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir is ailtire a rugadh gar do Vespignano na hIodáile, bunaitheoir scoil péintéireacha Firenze ab ea Giotto di Bondone (c 1266-c 1337). Ba é an tsraith freascónna ar bheathaí Chríost is Mhuire i Séipéal na hAiréine i bPadua (1305-1308) a shárshaothar. Ceapadh ina phríomhailtire é ar thógáil an Champainíl a dearadh i bhFirenze i 1334. Luaitear an tsraith freascónna ar bheatha Naomh Proinsias i mbaisleac Assisi leis freisin, a ndearnadh damáiste léanmhar dóibh i gcrith talún i 1997.