Danilo Kiš

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Iúgslavach ab ea Danilo Kiš a rugadh i Subotica (i gcúige na Danóibe nó Dunavska Banovina i Ríocht na hIúgslaive san am sin; i réigiún féinrialaitheach na Vóvaidíne sa tSeirbia inniu) ar an 22 Feabhra 1935 agus a fuair bás i bPáras ar an 15 Deireadh Fómhair 1989. Giúdach Ungárach a bhí ina athair Eduard Kiš (nó Ede Kis, as Ungáiris), agus b'as Montainéagró dá mháthair, Milica Dragićević. D'fhoghlaim sé idir Ungáiris agus Seirbea-Chróitis óna thuismitheoirí, agus scríobh sé cúpla dán as Ungáiris nuair a bhí sé ina pháiste, ach is trí Sheirbea-Chróitis a rinne sé saothar a shaoil.

Cailleadh a athair i gcampaí báis na nGearmánach le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus sa deireadh, chuaigh iarsmaí an teaghlaigh go dtí an Ungáir ar lorg dídine. D'fhill siad go dtí an Iúgslaiv i ndiaidh an chogaidh. Shocraigh Danilo síos i Cetinje, Montainéagró, in éineacht lena mháthair agus lena dheirfiúr, agus chríochnaigh sé an mheánscoil ansin sa bhliain 1954. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, bhain sé amach céim ollscoile sa Litríocht Chomparáideach in Ollscoil Bhéalgrád. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair don iris Vidici go dtí an bhliain 1960. Sa bhliain 1962, d'fhoilsigh sé dhá úrscéal, mar atá, Mansarda (a haistríodh go Béarla faoin teideal The Garret, is é sin, "An Gairéad") agus Psalam 44 ("Sailm a 44"). Sa bhliain 1973, bronnadh duais na hirise seachtainiúla NIN ar Kiš - ceann de na duaiseanna litríochta ba tábhachtaí sa tSeirbia inniu féin - as an úrscéal Peščanik ("Orláiste") a d'fhoilsigh sé sa bhliain roimhe sin, ach thug sé an duais ar ais ar chúiseanna polaitiúla.

Sna blianta ina dhiaidh sin, bronnadh a lán duaiseanna litríochta ar Kiš, agus shocraigh sé síos i bPáras, áit ar chaith sé tréimhse dheireanach a shaoil. Bhí sé pósta ar Mirjana Miočinović sna blianta 1962-1981. Ina dhiaidh sin, bhí sé in aontíos le Pascale Delpech i bPáras go lá a bháis.

Ailse na scamhóg ba trúig báis don scríbhneoir bhisiúil seo, nó bhí sé trom go leor ar an tobac. Bhí sé i mbarr a chlú liteartha lá a bháis, agus an chuma ar an scéal go mbronnfaí duais Nobel sa litríocht air, murach an bás anabaí.

Saothar[athraigh | edit source]

  • Mansarda: satirična poema, 1962 (úrscéal) (aistrithe go Béarla faoin teideal "The Garret")
  • Psalam 44, 1962 (úrscéal)
  • Bašta, pepeo, 1965 (úrscéal) (teideal an aistriúcháin Bhéarla: "Garden, Ashes'")
  • Rani jadi: za decu i osetljive, 1970 (bailiúchán gearrscéalta) (aistrithe go Béarla faoin teideal "Early Sorrows - For Children and Sensitive Readers")
  • Peščanik, 1972 (úrscéal) ("Orláiste")
  • Po-etika, 1972 (aiste. Imeartas focal is ea teideal an leabhair seo: poetika = ealaín na filíochta, etika = eitic, po = i ndiaidh)
  • Po-etika, knjiga druga, 1974 ("Po-etika, an dara cuid". Agallaimh.)
  • Grobnica za Borisa Davidoviča: sedam poglavlja jedne zajedničke povesti, 1976 (gearrscéalta) ("Tuama le haghaidh Boris Davidovich")
  • Čas anatomije, 1978 (úrscéal)
  • Noć i magla, 1983 (dráma)
  • Homo poeticus, 1983 (aistí agus agallaimh)
  • Enciklopedija mrtvih, 1983 (gearrscéalta) ("Ciclipéid na Marbh")
  • Gorki talog iskustva, 1990 (agallaimh)
  • Život, literatura, 1990 (agallaimh agus aistí)
  • Pesme i prepevi, 1992 (dánta)
  • Lauta i ožiljci, 1994 (gearrscéalta)
  • Skladište, 1995 (téacsaí)
  • Varia, 1995 (aistí, ailt agus gearrscéalta)
  • Pesme, Elektra, 1995 (filíocht agus leagan den dráma chlasaiceach úd Elektra)