Cordaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Chordata
Raon iontaiseach: Late Ediacaran – Recent
Aicmiú eolaíoch
Fearann: Eukaryota
Ríocht: Animalia
Fo-ríocht: Eumetazoa
Forfhíleam: Deuterostomia
Fíleam: Chordata
Bateson, 1885
Classes
Féach Aicmiú na gCordach ar aghaidh.

Fíleam sa ríocht ainmhithe is ea na CordaighChordata (Gréigis: χορδωτά, khordota "le téad"), arb iad a shainairíonna ná cúig shinapomorf, an ceann is suntasaí acu ná go mbíonn nótacorda acu, ar a laghad ag am éigin i bhforbairt an ainmhí. Tá sé ar eolas go bhfuil beagnach 65,000 speiceas beo, agus baineann an chuid is mó acu le fhofhíleam na veirteabraigh (Vertebrata), agus is éisc iad beagnach leath díobh siúd.

Is grúpa éagsúil é Chordata, atá oiriúnithe do líon mór nideoige éiceolaíochta agus a rinne, i rith stair na héabhlóide, oiriúnuithe iontach, go háirithe chuig thimpeallachta agus atmaisféir an Domhain, ach chomh maith leis sin chuig timpeallachta uiscíochta nó amfaibiaigh. Thaispeáin na cordaigh go bhfuil cumas iontach acu le haghaidh féinrialúcháin agus eagrúcháin inmheánaigh, is féidir roinnt acu, mar shampla éin agus mamaigh, teocht an choirp a ardú agus a choinneáil tairiseach. Chuir na fachtóirí seo agus eile le haimpléiseachta an ghrúpa, a lig dóibh rialú níos a chur i bhfeidhm ar a gcuid imoibrithe meitibileach agus córais chasta neirbhísigh a fhorbairt.


Aicmiú[athraigh | edit source]

Tacsanomaíocht[athraigh | edit source]

Tógadh an scéimire seo a leanas as an tríú eagrán den leabhar Vertebrate Palaeontology.[1] Ach é a bheith struchtúrtha ar bhealach a thaispeánann na gaolta éabhlóideacha ( cosúil le cladagram ("cladogram" sa Bhéarla), coimeádtar ranganna traidisiúnta a bhí in úsáid i dtacsanamaíocht Linnaeaus.


Fíligineacht[athraigh | edit source]

Chordata
 Tunicata 

 Appendicularia ( seal den tsaol;Larvacea)



 Thaliacea 



 Ascidiacea 




 Cephalochordata


 Craniata 

Myxini


 Vertebrata 

 Conodonta



 Cephalaspidomorphi



 Hyperoartia



 Pteraspidomorphi


 Gnathostomata 

 Placodermi



 Chondrichthyes


 Teleostomi 

 Acanthodii


 Osteichthyes 

 Actinopterygii


 Sarcopterygii 
void
 Tetrapoda 

 Amphibia


 Amniota 
 Synapsida 
void

 Mammalia




 Sauropsida 
void

 Aves















Nóta: Tugann na línte le fios an bealach gur dóigh a théann na gaolta éabhlóide, san áireamh tá tacsa marbh , curtha in iúl le mhiodóg.

Bunús[athraigh | edit source]

Ní heol dúinn faoi láthair cad é bunús na gCordach. B'iad éisc laghdaithe nó eiseamail lansógaigh na céad cordach so-aitheanta ón Tréimhse Chaimbriach. Is í an tuairimíocht is mó faoi bhunús na gCordach ná gurb í líne an oiriúnaithe is fearr dóibh ná ceann nó dhó de na catagóirí seo a leanas:

  • Ainmhí cosúil le péist dríodar-chónaithe a d'eascair corp níos leata agus / nó eiteog shnámha.
  • Scagbheathóir suiteach feadánach a d'eascair ina ainmhí saorshnámh via eití a úsáid.( Meastar UrochordataTunicata mar chordaigh, agus is scagbheathóirí iad le larbhaí cosúil le torbáin acu.)
  • Larbha d'ainmhithe de short eile a bhí ag gluaisteach nó ag snámh, ach a choinnigh faoi dheireadh a chumas snámha agus é fásta suas.

B'fhéidir gur tháinig righneas an nótacorda chun cinn, ar an gcéid ásc, le haghaidh éifeachtúlachta crapadh matánach snámha a athrú ( i gluaiseachtaí S-chruthach)

I bhfoclaibh eile, le haghaidh na colainne a lúbadh, caithfidh struchtúr righin dolúbtha a bheith ag meatán le tarraingt in aghaidh, agus is é an nótacorda san lúththréimhse an phríomhthréith. Ceal struchtúír righin dolúbtha, is é an toradh a bhéas ar chrapadh matánach ná ciorrú an ainmhí agus ní gluaisne iarbhír go bhféadfaí an t-ainmhí snámh.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Benton, M.J. (2004). Vertebrate Palaeontology, Third Edition. Blackwell Publishing, 472 pp. [http://palaeo.gly.bris.ac.uk/benton/vertclass.html Tá an scéim aicmiúcháin ar fáil ar-líne]