Amfaibiach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amfaibiaigh
Raon iontaiseach: Deireadh an Deavónaigh Deavónach - Le gairid
An frog comónta
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Fofhíleam: Vertebrata
Foraicme: Teitreapód
Aicme: Amphibia
Linnaeus, 1758
Foranganna agus Oird
   Ord: Temnospondyli- marbh
Forang: Lepospondyli- marbh
Forang: Lissamphibia
   Ord: Anura
   Ord: Caudata
   Ord: Gymnophiona

Is ainmhithe veirteabracha iad na hamfaibiaigh (ón nGréigis αμφις "dhá" and βιος "saol"), le raon mór tréithe is stíleanna beatha, de ghnáth le 4 chos, craiceann faireogach, gan lanna ná aon fhiafhás eile. Maireann na larbhaí san uisce, agus análaíonn trí ghiolbhaigh sheachtracha chleiteacha. Téann sé trí chlaochlú le linn a fháis nuair a chrapann is a imíonn na giolbhaigh. Análaíonn an t-ainmhí fásta le scamhóga, agus i méid áirithe tríd an gcraiceann. 3 phriomhrang díobh ann: salamandair is eirc, froig is buafa, agus caochailigh gan chosa. Tá tuairim agus 6,200 speiceas d'amfaibiaigh a mhaireann.


Liosta speiceas comónta[athraigh | edit source]