Larbha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Larbha an Papilio xuthus (féileacán)

Staid i bhforbairt ainmhí idir goradh agus baint amach na foirme fásta nó na haibíochta is ea larbha. Bíonn staideanna larbhacha de réir cineáil i ngrúpaí ainmhithe (mar shampla, an chruimh chabáiste larbhach i bhféileacáin). Go minic, ní bhíonn an ghnáthóg chéanna ag an larbha is an fhoirm fhásta. Feidhmíonn an staid larbhach mar staid scaipthe i dtimthriall beatha an ainmhí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Larbha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 395.