Nideog éiceolaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dhá speiceas léicean, léiceann glas (ar chlé) agus léicean buí (ar dheis), atá in ann maireachtáil lena chéile ar charraig i dhá nideog éiceolaíocht éagsúil, a d'eascar as a bheith faoi lé coinníollacha nochta agus taise.

San éiceolaíocht, is éard is nideog éiceolaíoch ann, ná téarma a úsaidtear chun cur síos a dhéanamh ar modh maireachtála speicis. Meastar go mbíonn nideog uathúil, ar leithligh, ag gach aon speiceas. Déantar cur síos sa nideoig éiceolaíocht ar conas a ngéileann orgánach nó líon na n-ainmhithe do dháileadh na n-acmhainní agus iomaitheoirí (m.sh., fásann siad nuair a bhíonn acmhainní flúirseach, agus nuair a bhíonn na creachadóirí, seadáin agus pataiginí gann) agus conas athríonn an orgánach na fachtóirí céanna (m.sh., rochtain ar acmhainní ag orgánaigh eile a laghdú, ag gníomhú mar fhoinse bia do chreachadóirí agus thomhaltóir chreiche).