Céalóm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An príomhchuas i gcolainneacha ainmhithe ilcheallacha a thagann chun cinn le linn na forbartha sutheolaíche agus a dhéanann, de ghnáth, an cuas timpeall ar an bputóg i bpéisteanna ainilide, eicínideirmeacha is veirteabraigh. Tá an céalóm i láthair i moilisc is artrapóid freisin, ach laghdaithe go mór i dtoirt.