Craniata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Craniata
Raon iontaiseach: Luath-Chaimbriach - Úrnua
Eptatretus stoutii, iasc-chailleach an Aigéin Chiúin ag tógáil scíthe 280 m síos ar ghrinneall na farraige amuigh ó chósta Oregon.
Eptatretus stoutii, iasc-chailleach an Aigéin Chiúin ag tógáil scíthe 280 m síos ar ghrinneall na farraige amuigh ó chósta Oregon.
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
(neamhrangaithe) Craniata
Janvier 1981[fíoras?]
Subphyla
Cephalaspidomorphi(díospóideach)
Myxini
Vertebrata

Is craobh tacsanomaíoch sna Cordaigh (Chordata) iad na Craniata (uaireanta Craniota), ina bhfuil na hainmhithe seo a leanas; Veirteabraigh (Vertebrata) agus Myxini (an t-iasc-chailleach) mar orgánacha beo.

Ainmhithe le blaosccloigeann is ea Craniata. Athsholáthraíonn Craniata, mar thacsón neamh-rangaithe, úsáid an fhocail "Vertebrata" (Vertebrata sensu lato) a bhí ann roimhe sin. Is í an difríocht is mó idir an seansainmhíniú agus an sainmhíniú nua (Vertebrata sensu stricto) ná nach n-áireofar Myxini agus - de ghnáth - na Cephalaspidomorphi mar chuid de na Vertebrata níos mó. Níl veirteabraigh ceart ag na tacsóin seo, saintréith atá riachtanach le bheith rangaithe sna veirteabraigh as seo amach, cé nach raibh seo i gceist roimhe sin (Hickman et al., 2007).