Hoiméastáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is téarma Hoiméastáis a úsáidtear chun cur síos ar chobhsaíocht nó foistine fheiceálach an tsreabháin sheachtarcheallaigh i nduine sláintiúil, agus na bealaí a gcoinníonn an cholainn an chobhsaíocht seo. Úsáidtear é i leith ainmhithe eile freisin. Má shuaitear toirt, comhdhéanamh nó teocht (in ainmhí aonteasach) an tsreabháin sheachtarcheallaigh, is féidir go ndéanfar damáiste dá shláinte, agus fiú go marófar é. Mar sin, bíonn cuid mhaith den fhiseolaíocht ag déanamh staidéar ar na meicníochtaí a thagann i bhfeidhm chun an sreabhán a choinneáil taobh istigh de theorainneacha cruinne an t-am ar fad. Mar shampla, coinnítear teocht na mamach aonteasach trí mheicníochtaí gníomhacha meitibileachta, cosúil le crith nuair a thiteann an teocht ró-íseal, nó cneadach nuair a éiríonn sí ró-ard.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hoiméastáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 351.