An Leabhar Breac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Leabhar Breac
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaAn Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Bunábharveilleam Cuir in eagar ar Wikidata

Lámhscríbhinn de phár mín is ea An Leabhar Breac (Meán-Ghaeilge: An Lebar Brec[1][2]) agus ábhar Meán-Ghaeilge agus Laidine ann. Uaireanta tugtar Leabhar Mór Dúna Doighre air nó Leabhar Breac Mic Aodhagáin.[3] Tá an lámhscríbhinn i leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann agus luaitear sa chatalóg í mar MS 23 P 16 nó 1230.

Is dócha gur thiomsaigh Murchadh Riabhach Ó Cuindlis an lámhscríbhinn ag Dún Doighre[4] in oirthear Chontae na Gaillimhe idir na blianta 1408 agus 1411.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa 16ú haois bhí an lámhscríbhinn i seilbh Chlann Mhic Aogáin, dream a raibh géag díobh ina gcónaí i nDún Oighre mar bhreithimh ag muintir Chonchúir. In 1629 bhí an leabhar le fáil i Mainistir Chineál Fhéichín i gContae na Gaillimhe.

Rinne Mícheál Ó Cléirigh cóip de leathanaigh 272-7. Fuair Éamon Ó Ceallaigh seilbh ar an lámhscríbhinn i gContae Ros Comáin in 1732, fuair an Dochtúir Seán Ó Briain í in 1768 agus ansin fuair Cornelius Ó Dálaigh i mBaile Mhistéala i gContae Chorcaí í. Cheannaigh an Ginearál Charles Vallancey an chéad imleabhar ón Dálach ar son Acadamh Ríoga na hÉireann ar thrí ghine in 1789. Bhí an dara himleabhar ag an Dálach freisin ach ní raibh a fhios aige gur chuid den lámhscríbhinn chéanna é. Cheannaigh Tomás Ó Gormáin an t-imleabhar sin in 1789, fuair George Smith ó Fhaiche an Choláiste i mBaile Átha Cliath é sa 19ú haois agus fuair an tAcadamh tar éis 1844 é.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lámhscríbhinn mhór í agus í 40.5 cm ar 28 cm, rud a fhágann gurb í an lámhscríbhinn pháir is leithne a bhreac scríobhaí amháin í.[5]

Tá daichead leathanach inti agus iad leagtha amach in dhá cholún. Tá na ceannlitreacha maisithe go simplí, cuid de na litreacha comhshnaidhmithe le patrúin mhíolchruthacha agus dath flanndearg, dearg, buí agus gorm orthu. Tá dhá dhearadh ann, léaráid ar dhéanamh blátha ar leathanach 121 agus dearadh den Chroch Chéasta ar leathanach 166.[6]

Ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téacsanna reiligiúnda i Laidin agus i Meán-Ghaeilge is mó atá sa lámhscríbhinn. Orthu sin tá cuntas seanmóireachta ar Naomh Pádraig, Colm Cille, Naomh Bríd, Naomh Ceallach agus Naomh Máirtín ó Tours.

Ina theannta sin tá leagan luath de Félire Óengusso, Riail na gCéilí Dé, Aislinge Meic Con Glinne, leagan de Fís Adamnáin, Saltair na Rann, Stair Nicomeid, Amra Choluim Chille, liodán a bhaineann le Muire, finscéalta, iomainn, teagasc Críostaí agus aithisc. Ábhar de chineál eile Sanas Cormaic agus stair de Philib na Macadóine agus d’Alasdair Mór.[7]

Gluaiseanna agus nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhág Murchadh Riabhach a lán nótaí ar imeall na lámhscríbhinne agus tagairt déanta aige, mar shampla, d’fhánaí de chat. Luaigh Murchadh Ó Madagáin áirithe guth binn spideoige i sráidbhaile Lothra. Is minic an scríobhaí ag gearán faoin aimsir, go háirithe faoin bhfuacht.[8]

Bhain an scoláire Tomás Ó Con Cheanainn úsáid as na nótaí chun go dtomhaisfeadh sé an t-am a tógadh chun míreanna a scríobh. Thóg sé timpeall sé seachtaine ar an scríobhaí 35 leathanach a scríobh (lgh 141–75), ach chaith sé lá ag cóipeáil dáin le gluaiseanna idir na línte.[8]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Mac Carthy 1892a/Toc01 • CODECS: Online Database and e-Resources for Celtic Studies".
  2. "The Making of Memory in the Middle Ages" (2009-11-17). 
  3. Leabhar a luann Seáfraidh Céitinn mar “shean-leabhar annálach”: Foras Feasa ar Éirinn, Athnua 2, eag. Pádraig de Barra, Foilseacháin Náisiúnta Teoranta 1983, lch 154. Ní fios an é an leabhar céanna é.
  4. https://www.logainm.ie/ga/930?s=D%c3%ban+Doighre
  5. Royal Irish Academy, "Leabhar Breac" Curtha i gcartlann 2008-11-18 ar an Wayback Machine
  6. See the images at ISOS.
  7. Peters, E. (eag. agus aist.). "Die irische Alexandersage." ZCP 30 (1967): 71–264.
  8. 8.0 8.1 O'Neill, "Leabhar Breac."

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Welsh, Robert. Oxford Concise Companion to Irish Literature. 1996. ISBN 0-19-280080-9
  • O'Neill, Timothy. "Leabhar Breac." In Medieval Ireland. An Encyclopedia, eag. Seán Duffy. New York, 2004: lgh 266-7.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Joseph Ó Longáin (facs.) agus J.J. Gilbert (eag.). Leabhar Breac, the Speckled Book, otherwise styled Leabhar Mór Dúna Doighre, the Great Book of Dun Doighre. Baile Átha Cliath, 1876. Macasamhil liteagrafach.[1]
  • Meamram Páipéar Ríomhaire (DIAS): íomhánna de An Leabhar Breac agus cur síos air.
  • Atkinson, Robert (eag. agus aist.). The Passions and the Homilies from Leabhar Breac: Text, Translation, and Glossary. Todd Lecture Series II. Baile Átha Cliath, 1887. G206000 ar CELT.
  • Betha Phatraic "Life of St Patrick" (Leabhar Breac pp. 24b-29b), Whitley Stokes a chuir in eagar agus a d’aistrigh, Three Middle-Irish Homilies. Calcutta, 1877. Eagrán agus aistriúchán Béarla
  • Rule of the Céli Dé (9b-12b), eag. E.J. Gwynn. In The Rule of Tallaght. Hermathena 44, dara forlíonadh. 1927.
  • Greene, David and Frank O’Connor (eag. agus aist.). A golden treasury of Irish poetry, A.D. 600 to 1200. Londain: Macmillan, 1967.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bernard, J.H. "On the citations from scripture in the Leabhar Breac." Transactions of the Royal Irish Academy 30 (1893): 321-4.
  • Egan, J.J. agus Egan, M.J. History of Clan Egan. The birds of the forest of wisdom. Ann Arbor, 1979. 59-67.
  • Mulchrone, Kathleen et al. Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy. Baile Átha Cliath, 1943. Fasc. 27.
  • Ó Concheanainn, Tomás. "The scribe of the Leabhar Breac." Ériu 24 (1973): 64-79.
  • Ritmueller, J. "The Hiberno-Latin Background of the Leabhar Breac Homily "In Cena Domini"." Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 2 (1982): 1-10.
  • Haubrichs, Wolfgang. "Die altlateinische Gallicanus-version (Gall.) der Georgslegende und ihr Reflex im 'Leabhar Breac'." In Ireland and Europe in the early Middle Ages. Texts and transmission / Irland und Europa im früheren Mittelalter. Texte und Überlieferung, eag.. Próinséas Ní Chatháin agus Michael Richter. Baile Átha Cliath: Four Courts, 2002. 170-85.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


  1. "Leabhar Breac, the Speckled Book ; otherwise styled Leabhar Mór Dúna Doighre, the Great Book of Dún Doighre : A collection of pieces in Irish and Latin, compiled from ancient sources about the close of the fourteenth century: Now for the first time published from the original manuscript in the library of the Royal Irish Academy". Baile Átha Cliath: Acadamh Ríoga na hÉireann.