Fís Adomnáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFís Adomnáin
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata

Ní fios cé hé údar an tsaothair litríochta seo — Fís Adomnáin — ina maítear go gcuirtear síos ar a bhfaca Adomnán Naofa (a cailleadh sa bhliain 704) nuair a taibhríodh Ifreann agus na Flaithis dó. Creidtear gur san deichiú aois nó san aonú aois déag a scríobhadh é agus táthar den tuairim nach suarach a thábhacht sa litríocht mheánaoiseach; go deimhin tá sé ráite gur réamhtheachtaire Gaelach na Coiméide Diaga é, saothar ó pheann an fhile Íodálaigh, Dante.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Arna bhunú ar an iontráil 'Fís Adomnáin', Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan (2003).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]