Mícheál Ó Cléirigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Ó Cléirigh
Beathaisnéis
Breith1590
Bás1643
52/53 bliana d'aois
Lováin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
TeangachaAn Ghaeilge

Staraí agus príomhúdar Annála na gCeithre Máistrí ab ea Mícheál Ó Cléirigh (t. 1590 – 1643).[1] Scríobh sé na hAnnála in éineacht le Lughaidh Ó Cléirigh, Fearghas Ó Maolchonaire agus Lughaidh Ó Duibhgeannáin. Duine den teaghlach clúiteach staraithe ó Chill Bhairdne i dTír Chonaill. Tadhg an t-ainm a baistíodh air, agus tugadh Tadhg an tSléibhe go coitianta air, nó gur thóg sé an t-ainm Mícheál nuair a chuaigh sé sna Bráithre Proinsiasacha i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin.

Faoi stiúir an ghairdiain, Aodh Buí Mac an Bhaird (1580-1635), cuireadh go hÉirinn ag bailiú seanchais ó lámhscríbhinní é, agus le cúnamh óna chomhleacaithe, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, Fearfeasa Ó Maolchonaire, Lughaidh Ó Duibhgeannáin, chuir sé i dtoll a chéile An Reim Rioghroidhe i 1630, An Leabhar Gabhála i 1631, agus an t-ollsaothar ar a tugadh Annála na gCeithre Máistrí (1636). D’oibrigh sé freisin ar an naomhsheanchas agus ar fhoclóir a foilsíodh i 1643. Cailleadh i Lobháin é c.1643

Déantar léiriú ficseanúil ar Mhícheál Ó Cléirigh i Lobháin san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]