Alfredo Stroessner
| Alfredo Stroessner | |
|
Uachtarán Pharagua
|
|
| In oifig 15 Lúnasa, 1954 – 3 Feabhra, 1989 |
|
| Réamhtheachtaí: | Tomás Romero (eatramhach) |
| Comharba: | Andrés Rodríguez |
|
|
|
| Dáta breithe | 3 Samhain, 1912 |
| Encarnación, Paragua | |
| Dáta báis | 15 Lúnasa, 2006 |
| Brasília, An Bhrasaíl | |
| Páirtí | ANR-PC |
| Céile | Eligia Mora |
Oifigeach airm agus deachtóir ba ea Alfredo Stroessner. Rugadh é ar an 3 Samhain 1912 agus d'éag sé sa Bhreasaíl 15 Lúnasa 2006. Mac le hinimirceach Gearmánach i bParagua a bhí ann. Sa bhliain 1929 a chuaigh sé sna saighdiúirí. Chuaigh a thír chun cogaidh leis an mBolaiv agus tugadh ardú céime do Stroessner mar gheall ar a ghaisce le linn an chogaidh, is é sin, Cogadh Chaco 1932-1935. Faoin mbliain 1947, nuair a bhris cogadh cathartha amach, bhí Stroessner ina leifteanant-choirnéal, agus thug sé a thacaíocht don réimeas a bhí i gceannas ag an am. Bhí rialtas an-lag sa tír ar feadh na mblianta a bhí ag brath ar thacaíocht an airm.
Sa bhliain 1950 chuidigh Stroessner leis an Dr Federico Chavez teacht i gcumhacht mar uachtarán. Mar luach saothair cuireadh i gceannas ar an arm é. D'eagraigh Stroessner éirí amach fuilteach in aghaidh Chavez sa bhliain 1954 agus rinne sé uachtarán de féin i mí Bealtaine 1954. Chuaigh sé i gceannas ar an bpríomhpháirtí polaitiúíl, na Colorados nó na Dearga, agus ruaig sé na ceannairí eile as an tír. Chuireadh sé cumannachas i leith gach duine a bhí ina éadan agus bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá breá sásta tacú leis. Deachtóireacht bhrúidiúil a chleacht sé a bhí beo ar an smuigléireacht. Cé go raibh toghcháin ann nior cheadaigh Stroessner aon fhreasúra agus atoghadh é ocht n-uaire mar uachtarán Pharagua.
Faoi dheireadh, ar an 5 Feabhra 1989 chuir duine dá ghinearáil féin, Andrés Rodríguez, a bhí pósta lena iníon, an ruaig air agus de réir a chéile tugadh an daonlathas ar ais sa tír. Chaith Stroessner agus a theaghlach an chuid eile dá saol sa Bhreasaíl. Tholg sé niúmóine tar éis dó dul faoi scian dochtúra i mBrasília, agus shíothlaigh sé ar an 15 Lúnasa 2006.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.