Brasília

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brasília
Brasília
Brasília
Suíomh

15°48′ Theas 47°54′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of Brazil.svg An Bhrasaíl
Stát: Distrito Federal
Gobharnóir: José Roberto Arruda
Déimeagrafaic
Achar: 5,802 km²
Daonra: 2,455,903 (2007)
Dlús daonra: 435.98/km²
Airde: 1,172 m
www.brasilia.df.gov.br

Is í Brasília príomhchathair na Brasaíle. Tógadh i lár na tíre mar chathair phleanáilte sna caogaidí í, agus na ceantair thithíochta leagtha amach mórthimpeall ar an gceantar riaracháin agus ambasáidí.

B'é an tUachtarán Juscelino Kubitschek a chinn ar chathair phleanáilte a thógáil i gcroílár na tíre, le baint den dóigh a raibh Rio de Janeiro ag sú acmhainní daonna agus nádúrtha na Brasaíle i leataobh, agus na réigiúin eile á bhfágáil faoi leatrom. B'iad Lúcio Costa, Oscar Niemeyer, agus Roberto Burle Marx a dhear an chathair. Go bunúsach, b'é Costa a rinne an leagan amach, agus b'as peann Niemeyer a tháinig na foirgnimh phoiblí. Thit sé ar chrann Marx radharcraí na cathrach a dhearadh. Thosaigh na hoibreacha tógála sa bhliain 1956, agus tháinig deireadh leo ceithre bliana ina dhiaidh sin, nuair a hathraíodh feidhmeanna na príomhchathrach ó Rio de Janeiro go Brasília.

Brasília: radharc ón spás