Éadbhard VIII na Ríochta Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éadbhard VIII
Rí na Breataine Móire, na hÉireann agus na dTiarnas Briotanach thar Sáile, Impire na hIndia
Edward Prince of Wales during his visit to Canada in 1919.jpg
Réimeas 20 Eanáir – 11 Nollaig 1936
Dáta breithe 23 Meitheamh 1894
Áit bhreithe White Lodge, Richmond, Londain, Sasana
Dáta báis 28 Bealtaine 1972
Áit bháis Páras, an Fhrainc
Réamhtheachtaí Seoirse V
Comharba Seoirse VI
Rítheaghlach Windsor
Céile Wallis Simpson, Bandiúc Windsor (tar éis éirí as an gcoróin)
Síniú
Edwardsig.svg

Bhí Éadbhard VIII (23 Meitheamh 189428 Bealtaine 1972) ina rí ar an Ríocht Aontaithe agus ar na Tiarnais Bhriotanacha thar lear, chomh maith le bheith mar Impire na hIndia. Mhair a réimeas ó bhás a athair, ar 20 Eanáir 1936, go dtí gur éirigh sé féin as an gcoróin ar 11 Mí na Nollag 1936. Spreag sé géarchéim bhunreachtúil nuair a theastaigh uaidh bean Mheiriceánach cholscartha darbh ainm Wallis Simpson a phósadh. D'éirigh sé as an gcoróin ar mhaithe lena rogha bean chéile a phósadh agus tháinig a dheartháir, Seoirse VI, i gcomharbacht air.