Zhou Enlai

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaZhou Enlai

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(zh) 周恩來
Beathaisnéis
Breith5 Márta 1898
Ceantar Huai'an, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Eanáir 1976
77 bliana d'aois
Béising, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse lamhnáin)
Ball de Bhuanchoiste an Pholitburo de Pháirtí Cumannach na Síne
28 Meán Fómhair 1956 – 8 Eanáir 1976 (bás)
Vice Chairman of the Chinese Communist Party (en) Aistrigh
28 Meán Fómhair 1956 – 1 Lúnasa 1966
Cathaoirleach ar Choiste Náisiúnta Chomhdháil Chomhairleach Pholaitiúil Phobail na Síne
25 Nollaig 1954 – 8 Eanáir 1976
← Mao ZedongDeng Xiaoping →
Premier of the People's Republic of China (en) Aistrigh
27 Meán Fómhair 1954 – 8 Eanáir 1976
← luach ar iarraidh – Hua Guofeng →
Ball de Chomhdháil Náisiúnta an Phobail
15 Meán Fómhair 1954 – 8 Eanáir 1976
Minister of Foreign Affairs of the People's Republic of China (en) Aistrigh
1 Deireadh Fómhair 1949 – 11 Feabhra 1958
← luach ar iarraidh – Chen Yi →
Ball de Bhuanchoiste an Pholitburo de Pháirtí Cumannach na Síne
Eanáir 1931 – 1945
Minister of Foreign Affairs of the People's Republic of China (en) Aistrigh
Ball den Chomhairle Pholaitiúil Náisiúnta

Téarma parlaiminte: 4th National Political Council (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachGrúpa eitneach Han
ReiligiúnDíreiligiún
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Meiji
Ollscoil Waseda
Ollscoil Nankai Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaire eachtrach (1949–1958), aire rialtais, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirDaon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaKuomintang (1923–1927)
Páirtí Cumannach na Síne (1921–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSínis, an tSeapáinis, Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis
Gairm mhíleata
Brainse míleataNational Revolutionary Army (en) Aistrigh
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtNorthern Expedition (en) Aistrigh agus Long March (en) Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
18 Aibreán 1955Asian–African Conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileDeng Yingchao (1925–1976), bás Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínZhou Enshou
Duine muintearthaSun Weishi (leanbh uchtaithe)
Li Peng (leanbh uchtaithe) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0159288 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne ab ea Zhou Enlai (Sínis shimplithe: 周恩来; Sínis thraidisiúnta 周恩來; pinyin: Zhōu Ēnlái; 5 Márta 18988 Eanáir 1976). An chéad phríomh-aire ar an tír a bhí ann agus an post sin aige ó mí Dheireadh Fómhair 1949 go dtí lá a bháis. D'fhreastail sé faoi Mao Zedong, príomhcheannaire na DPS. D'imir Zhou ról tábhachtach in teacht chun cumhachta an Pháirtí Cumannach na Síne, i neartú smacht an pháirtí ar an tír, i bhforbairt bheartais eachtraigh na tíre agus i bhforbairt gheilleagar na Síne.

Taidhleoir ábalta a bhí in Zhou Enlai. Eisean an chéad aire eachtrach de chuid na Síne (1949–1958). Agus an Réabhlóid Chultúrtha ag druidim chun deiridh, chuidigh Zhou le caidreamh nua a chothú idir Daon-Phoblacht na Síne agus na Stáit Aontaithe.

Throid Zhou faoi choim in aghaidh Drong an Cheathrair sna 1970idí. D'éag sé 8 mí roimh bhás Mao. Cé gur tháinig Hua Guofeng, duine ní ba chlaonta i leith Dhrong an Cheathrair, i gcomharbas ar Mao, d'éirigh le dalta coimirce de chuid Zhou, Deng Xiaoping, an chumhacht a bhaint amach dó féin. Tugadh baill na dronga chun trialach, agus osclaíodh an tír suas don thíortha eile an domhain agus rinneadh an geilleagar a fhorbairt go suntasach.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]