Zanny Minton Beddoes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaZanny Minton Beddoes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Susan Minton Beddoes
Iúil 1967
56 bliana d'aois
Shropshire, England Cuir in eagar ar Wikidata
Príomheagarthóir The Economist
2 Feabhra 2015 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSt Hilda's College (en) Aistrigh
Ollscoil Harvard
Moreton Hall School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, eacnamaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirThe Economist Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ghlac sé/sí páirt i
22 Bealtaine 2022Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2022
20 Eanáir 2020Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2020
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018
17 Eanáir 2017Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2017
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016
22 Eanáir 2014Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2014
Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2013
Comhdháil Dhomhanda 2020 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSebastian Mallaby Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Facebook: zanny.mintonbeddoes Twitter: zannymb Cuir in eagar ar Wikidata

Iriseoir Sasanach is ea Susan "Zanny" Minton Beddoes a rugadh sa bhliain 1967. Is í an 17ú príomhegarthóir agus an chéad bhean ina príomheagarthóir ar The Economist. Thosaigh sí ag obair don irisleabhar sa bhliain 1994, mar a thuairisceoir i gcomhair margaí éiritheacha.

Oideachas agus gairmshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oileadh Beddoes ag an Moreton Hall School in aice le Oswestry, bhain sí fochéim amach in Ollscoil Oxford, mar a dhearna sí staidéar ar an bhfealsúnacht, polaitíocht, agus eacnamaíocht i gColáiste St Hilda, agus ghnóthaigh sí céim máistir in Ollscoil Harvard, mar Scoláire Uí Chinnéide.[1] Ina dhiaidh sin, hearcaíodh í mar chomhairleoir d'aire airgeadais na Polainne, é sin mar bhall de ghrúpa beag faoin Ollamh Jeffrey Sachs in Harvard. Chaith sí dhá bhliain mar eacnamaí ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF), mar ar oibrigh sí ar chláir maicreanamaíochta san Afraic agus ar gheilleagair idirlinne Oirthear na hEorpa.

Ceapadh í mar eagarthóir eacnamaíochta ar The Economist sa bhliain 1996, agus í i bhfeighil ar chúrsaí eacnamaíochta dhomhanda ó Washington, D.C.. Ní ba dhéanaí bhog sí go post nua mar Eagarthóir Cúrsaí Gnó, agus cúrsaí gnó, airgeadais agus eolaíochta mar dhualgais uirthi. Thosaigh sí mar an 17ú príomheagarthóir agus an chéad bhean sa phost sin ar 2 Feabhra 2015.[2][3]

Is minic í mar thráchtaire ar CNN, BBC World Service, PBS, NBC agus Tucker Carlson Unfiltered (clár teilifíse Meiriceánach). Sa bhliain 2015 bhí sí ar na 133 duine ar tugadh cuireadh dóibh freastail ar an 63ú Comhdháil Bilderburg.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]