Jump to content

Zainab Boladale

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaZainab Boladale

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithLagos, An Nigéir Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2017 –

Is láithreoir teilifíse, gníomhaí Gaeilge agus file Éireannach í Zainab Boladale. Ba í an chéad bhean ón Nigéir a d’oibrigh i seomra nuachta RTÉ.

Fuair Boladale a céad phost mar iriseoir san Irish Independent in 2017. Ina dhiaidh sin chuaigh sí ag obair mar dhuine de láithreoirí an chláir leanaí news2day ar Theilifís RTÉ – an chéad duine d’oidhreacht na hAfraice a bheith ina príomhláithreoir nuachta ar RTÉ.[1] D’fhan sí ar an seó sin ó 2017 go 2019, agus in 2019 bhog sí go Nationwide.[2]

Tá Boladale tar éis labhairt faoi na drochíde ciníoch a fuair sí tar éis di post a fháil in RTÉ. Tháinig a lán den mhaslú trí chainéal YouTube. D’iarr RTÉ go ndéanfaí a leithéid a chosc, agus cuireadh an cainéal as feidhm tar éis na dtuairiscí a rinneadh ar chás Boladale.

Bhí Boladale ar dhuine de na príomhchainteoirí ag an ócáid Beyond Representation i Meán Fómhair 2019, gluaiseacht a bhunaigh sí in éineacht le Jess agus Ola Majekodunmi.[3][4] Is í Boladale údar Braids Take a Day agus tá sí tar éis bheith mar bhean an tí ag ócáid 'mic oscailte' dátheangach de chuid Áras Scríbhneoirí na hÉireann le scríbhneoirí Gaeilge.[5]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Boladale in Lagos sa Nigéir. Nuair a bhí sí ceithre bliana d'aois, bhog sí go hInis, Contae an Chláir, Éire lena máthair agus le daoine eile den chlann. Tá deartháir agus deirfiúr aici atá níos óige ná í. D’fhreastail sí ar Scoil Chríost Rí sa Chloch Liath agus ar Ghaelcholáiste an Chláir in Inis. Bhain sí céim BA amach san Iriseoireacht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2017.[6] Bhuaigh sí Iriseoir na Bliana i nDuaiseanna Hibrideacha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2017[7]

  1. "Ireland: First Afro-Irish woman appointed as News TV presenter" (en). European Web Site on Integration. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  2. "International Women's Day 2018 - Zainab Boladale" (en). www.immigrantcouncil.ie. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  3. Sinéad Ní Uallacháin (2020-10-23). "'Compass: Say It Loud - We're Irish!' agus imeachtaí eile". NÓS. Dáta rochtana: 2025-04-25.
  4. "An Event Celebrating Women Of Colour In Ireland Is Taking Place This Weekend" (en). Stellar. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  5. "CULTÚR: IMRAM ar thuras draíochtúil agus leigheas ar ísle brí iarOireachtais ag Féile na Mí". Tuairisc.ie (2024-11-08). Dáta rochtana: 2025-04-25.
  6. "Zainab Boladale: Let's Keep in Touch". www.dcu.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-14. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  7. "EBCF: Rosita Boland & Zainab Boladale discuss Careers and Media". Glor. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-14. Dáta rochtana: 2020-06-15.