Yuval Ne'eman
Fisicí, spiaire is polaiteoir a rugadh i dTel Aviv ab ea Yuval Ne'eman (14 Bealtaine 1925 – 26 Aibreán 2006). Rinne sé taighde ar shiméadracht i bhfisic na gcáithníní. Le Murray Gell-Mann chuir sé The Eightfold Way (An tSlí Ochtfhillte, 1964) in eagar. Toghadh ina bhall den Knesset i 1981 é, agus bhí sé ina aire eolaíochta is forbartha.[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Yuval Ne'eman". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 482.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |