William James MacNeven
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Márta 1763 Eachroim |
Bás | 12 Iúil 1841 78 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis |
Ball de | |
Lia is ceimicí a rugadh i mBaile na hAbhna, Contae na Gaillimhe, ab ea William James MacNeven (21 Márta 1763 - 12 Iúil 1841).[1] Oileadh é i Vín agus Prág. Ar ais i mBaile Átha Cliath bhí sé i gceannas sa Chumann Caitliceach agus na hÉireannaigh Aontaithe. Cuireadh i bpríosún é i 1798. Nuair a saoradh é i 1802 cuireadh bac air filleadh go hÉirinn, agus i 1803 chuaigh sé go Nua-Eabhrac. Luigh sé isteach ar thaighde sa cheimic in Ollscoil Nua-Eabhrac, ar uisce mianraí Nua-Gheirsí ar dtús, tionchar uisce ar shláinte an phobail, agus comhdhúile bairiam is cailciam. Scríobh sé An Exposition of the Atomic Theory (Míniú ar an Teoiric Adamhach, 1819). Chuir sé an cheimic go mór chun cinn i Meiriceá, ionas gur tugadh ‘athair na ceimice Meiriceánaí’ mar leasainm air.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MacNEVEN, William James (1763–1841) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "William James MacNeven". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 428.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |