White Star Line
Bhunaigh John Pilkington agus Henry Wilson an cuideachta loingseoireachta White Star Line in 1845, ar ceann de na comhlachtaí ba mhó sa mBreatain sa 19ú haois.[1] Bhíodh an White Star Line ina chomórtas idir é agus an comhlacht mór eile, an Cunard Line, cé aige an raibh an long thrasAtlantach ab fhearr.



Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na longa ba mhó cáil ag an dá chomhlacht sin ach b’acusan a bhí na longa ba mhó droch-cháil freisin. Ba é an White Star a thóg an long an RMS Oceanic in 1870, RMS Oceanic eile in 1899 agus an RMS Titanic i 1912. De bharr go raibh an ‘White Star Line’ ceannaithe ag comhlacht Meiriceánach, bhí Rialtas na Breataine ag iarraidh a chinntiú nach bhfaigheadh na Meiriceánaigh an ceann is fearr orthu ó thaobh luais ar an Atlantach. Mar sin, thugadar cúnamh airgid do Cunard agus coimisiúnaíodh an ‘RMS Lusitania’.
D’iarr úinéir an ‘White Star Line’ ar Harland & Wolff i mBéal Feirste long mhór ghalánta, ghasta a thógáil sa mbliain 1907 - b’in í an RMS Titanic. Ar an 15 Aibreán, 1912, amach san Atlantach bhuail sí oighear agus cé go raibh sí ar an long ba nua-aimseartha fós a tógadh leis an turas trasAtlantach a dhéanamh, níor thóg sé ach dhá uair go leith uirthi dul go tóin poill. Chuaigh Bruce Ismay, Cathaoirleach agus Stiúrthóir Bainistíochta an White Star Line, ar an gcéad turas mí-ámharach sin agus é an-bhródúil as an long nua ghasta. D’éirigh leis teacht slán, rud a tharraing conspóid ollmhór.[1]
Bhí an White Star Line i mbroid airgid sna 1930idí, agus bunaíodh an comhlacht "Cunard-White Star Line" sa bhliain 1934.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (7 Meitheamh 2024). "‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-07.