J. Bruce Ismay
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Joseph Bruce Ismay |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 12 Nollaig 1862 Crosby, England |
Bás | 17 Deireadh Fómhair 1937 74 bliana d'aois Mayfair, England |
Siocair bháis | Stróc agus trombóis |
Áit adhlactha | Reilig Putney Vale |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Harrow Elstree School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | úinéir long, fiontraí, duine den lucht gnó |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Julia Florence Schieffelin (1888–luach anaithnid) |
Páiste | Margaret Ismay, Thomas Bruce Ismay, Henry Bruce Ismay, Evelyn Constance Ismay |
Athair | Thomas Henry Ismay agus Margaret Bruce |
Croineolaíocht | |
10 Aibreán 1912-15 Aibreán 1912 | RMS Titanic maiden voyage (en) |
Piarda mór de chuid an ghnó ba ea Joseph Bruce Ismay (12 Nollaig 1862 – 17 Deireadh Fómhair 1937) agus Cathaoirleach agus Stiúrthóir Bainistíochta an White Star Line.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1907, d’iarr úinéir an ‘White Star Line’ ar Harland & Wolff i mBéal Feirste long mhór ghalánta, ghasta a thógáil sa mbliain 1908 - b’in í an RMS Titanic. Ar an 15 Aibreán, 1912, amach san Atlantach bhuail sí oighear agus cé go raibh sí ar an long ba nua-aimseartha fós a tógadh leis an turas trasAtlantach a dhéanamh, níor thóg sé ach dhá uair go leith uirthi dul go tóin poill. Chuaigh Ismay ar an gcéad turas mí-ámharach sin agus é an-bhródúil as an long nua ghasta. D’éirigh leis teacht slán, rud a tharraing conspóid ollmhór.[1]
I ndiaidh na tragóide, cheannaigh sé Teach Chasla[2][3] i gConamara agus chaitheadh sé an samhradh ann ag iascach agus ag baint taitneamh as an gceantar. Is cosúil gur úinéir maith agus duine féaráilte, cineálta a bhí ann a thug fostaíocht do mhuintir na háite. Ach ní fhéadfadh duine dearmad a dhéanamh, ag siúl thart ar an Teach inniu, ar na cuimhní damanta a chaithfeadh a bheith ag Ismay an chuid eile dá shaol.[1]
Fuair Ismay bás i 1937 i Londain.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (7 Meitheamh 2024). "‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-07.
- ↑ Lodge Chasla nó Costelloe Lodge
- ↑ "Costelloe Lodge" (as en) (2022-12-11). Wikipedia.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |