HMHS Britannic
![]() | |||
Longchlós | Harland and Wolff ![]() | ||
---|---|---|---|
Uimhir a shanntar ag an longchlós | 433 ![]() | ||
Áit táirgthe | Béal Feirste ![]() | ||
Tír chlárúcháin | |||
Stair | |||
Leag an cíle | 30 Samhain 1911 | ||
Seoladh loinge | 26 Feabhra 1914 | ||
Longbhriseadh | |||
Úinéir/í
| |||
Oibreoir(í)
| |||
Saintréithe teicniúla | |||
Cineál | línéar ceithre tonnadóir long ospidéil long bhriste ![]() | ||
Aicme | Olympic-class ocean liner (en) ![]() ![]() | ||
Fad | 269.06 m ![]() | ||
Luas | 21 kn ![]() | ||
Tuilleadh eolais | |||
Comhartha glao |
Línéar paisinéirí ab ea an HMHS Britannic. Bhí an Britannic ar cheann dos na h-árthaigh ba bhréatha a tógadh i gclós Harland an Wolf i mBéal Feirste. Comhlong an RMS Titanic a bhí ann. Ba línéar farraige móire de chuid an chomhlachta White Star Line é ar dtús. Sa bhliain 1916 áfach, cuireadh an Brittanic go grinneall ar an 21 Samhain 1916 sa mhuir Aeigéach.


1914[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thóg an long dhá bhliain lena tógáil i longchlós Harland & Wolff, Béal Feirste. Nuair a cuireadh an Britannic chun farraige, ba é an galtán ba mhó ar domhan.
Seoladh an Britannic i mBéal Feirste ar 26 Feabhra 1914. Tar éis an Titanic agus an Olympic bhí sí ar an árthach deireanach dá leithéid a thóg an comhlacht White Star Line.

1915-1916[cuir in eagar | athraigh foinse]
Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, sa bhliain 1915, d'éirigh an Britannic ina long ospidéil, chun go bhféadfaí í a úsáid mar ospidéal do shaighduirí. Athainmníodh í an HMHS Britannic (His Majesty's Hospital Ship). Baineadh an fheisteas ornáideach amach aisti[1] agus usáideadh an Brittanic mar long ospidéal.
Chuaigh an HMHS Britannic go tóin poil ar an 21 Samhain 1916 sa Mhuir Aeigéach. Bhuail sí mianach, nó ionsaí toirpéid a bhí ann, níl a fhios againn.
Níós déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Díóladh ar ceant dhá phainéal ornáidithe (darach agus mailpe) ón long Britannic sa bhliain 2019.[1] B'iad na céardaithe céanna a dhein an obair ar an Titanic agus ar an Britannic. Bhíodar deartha agus maisithe fé stiuir Arthur Henry Durand ar mhacsamhail na painéil a bhí sa Titanic - iad tráth i dtolglann agus i leabharlann cheann dos na h-arthaí a ba bhréatha a seoladh ó chlós cháiliúil Bhéal Feirste. Tá luach ar leith ag baint leotha mar go dtugann siad éachtaint ar shaibhreas na h-árthaí seo istigh iontu.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2019-04-26). "Seod-phainéil ón Britannic le cur ar ceant Dé Céadaoin" (as ga).